cairdinéal Caitliceach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba ea Ardeaspag Ard Mhacha é Seán Mac Brádaigh (Béarla: Seán Brady) (rugadh 16 Lúnasa 1939, Laragh, Co. Cabháin).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Lúnasa 1939 85 bliana d'aois Drumcalpin, Éire |
Cairdinéal | |
24 Samhain 2007 – | |
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha | |
1 Deireadh Fómhair 1996 – 8 Meán Fómhair 2014 ← Cathal Ó Dálaigh – Eamon Martin → Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
Coadjutor archbishop (en) | |
13 Nollaig 1994 – 1 Deireadh Fómhair 1996 Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Pontaifiúil na nGael Pontifical Lateran University (en) Coláiste Naomh Padraig, Contae an Chabháin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1995–), sagart Caitliceach (1964–) |
Coisreacan | Cathal Ó Dálaigh |
Ghlac sé/sí páirt i | |
Márta 2013 | comhthionól cairdinéal 2013 |
Bhain sé amach céim in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad sa bhliain 1960. Oirníodh é mar shagart sa bhliain 1964. Bronnadh dochtúireacht sa diagacht air sa bhliain 1967 ón Ollscoil Lateran sa Róimh. Bhí cónaí air sa Choláiste Gaelach.
D'fhill sé ar a chontae dhúchais agus chaith sé na blianta idir 1967 agus 1980 ag teagasc i gColáiste Naomh Pádraig i mbaile Cabháin.
Sa bhliain 1980, chuaigh sé ar ais chuig na Róimhe mar leascheannaire ar an gColáiste Gaelach Sa bhliain 1993 ceapadh é mar shagart paróiste i gCastletara, Co. Cabháin.
Tháinig sé i gcomharbacht ar Ardeaspag Cathal Ó Dálaigh mar Ardeaspag Ard Mhacha ar an 1 Deireadh Fómhair 1996.
Sé a rosc easpaig ná Jesum Christum cognoscore (Aithnigh Íosa Chríost).
Chuir an Phápa Beinidict XVI in iúl ar an 17 Deireadh Fómhair 2007 go raibh sé de rún aige cairdinéal a dhéanamh de. Rinneadh amhlaidh agus cruthaíodh cairdinéal de i searmanas sa Róimh ar an 24 Samhain 2007. Ba é an tríú cairdinéal in Éirinn ag an am (agus go dtí go bhfuair an Cairdinéal Ó Dálaigh bás).
Chuaigh Mac Brádaigh amach ar scor sa bhliain 2014 (75 bliain d'aois).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.