![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f9/Image_demonstrating_freedom_of_panorama.jpg/640px-Image_demonstrating_freedom_of_panorama.jpg&w=640&q=50)
Saoirse lánléargais
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i Saoirse Lánléargas (SLL) ná foráil i ndlíthe cóipchirt dlínsí éagsúla a cheadaíonn grianghraif agus píosaí scannánaíochta a thógáil agus íomhánna eile (mar phictiúir) d’fhoirgnimh a thógáil agus uaireanta deilbh agus saothair ealaíne eile atá suite go buan in áit phoiblí, gan sárú a dhéanamh ar aon chóipcheart a d’fhéadfadh a bheith ar marthain sna saothair sin, agus na híomhánna sin a fhoilsiú. Cuireann reachtanna saoirse lánléargais nó cásdlí teorainn le ceart úinéir an chóipchirt beart a dhéanamh mar gheall ar shárú cóipchirt i gcoinne cruthaitheoirí agus dáileoirí na n-íomhánna sin. Is eisceacht í don ghnáthriail go bhfuil an ceart eisiach ag úinéir cruthú agus dáileadh saothar díorthach a údarú. Faightear an frása ón téarma Gearmáinise Panoramafreiheit ("saoirse lánléargais").
![A large metallic sculpture of a red rose on a small grassy mound, with bare trees and other similar sculptures in the background](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f9/Image_demonstrating_freedom_of_panorama.jpg/640px-Image_demonstrating_freedom_of_panorama.jpg)
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/98/Two_Statues_Gugulethu_Seven_Memorial_Redux.png/640px-Two_Statues_Gugulethu_Seven_Memorial_Redux.png)