Santiago Calatrava
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ailtire, innealtóir agus ealaíontóir Spáinneach is ea Santiago Calatrava Valls a rugadh ar 28 Iúil 1951 i Benimàmet, Valencia. Déanann sé dealbhóireacht agus péintéireacht ach is é a shaothair ailtireachta a ghnóthaigh clú dó. Aithnítear é as stíl nua-thodhchaíoch shainiúil na struchtúr a dhearann sé. Droichid agus stáisiúin traenach a dhear sé sa chuid ba mhó ar dtús ach tá foirgnimh deartha aige anois freisin. Tá oifigí aige i Nua-Eabhrac, Doha agus Zurich. Tá cónaí air i Zurich.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún