From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Séarlas I (19 Mí na Samhna 1600 - 30 Eanáir 1649) ina rí ar Shasana, Albain agus Éirinn. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Séamus I Shasana. Bhí sé i gcóróin ó 27 Márta 1625 go dtí gur chuir fórsaí na Parlaiminte chun báis é ar 30 Eanáir 1649. Nuair a tháinig deireadh leis an Interregnum faoi cheannas Oilibhéir Cromail, cuireadh an mhonarcacht ar bun arís agus cuireadh an mac ba shine leis i réim, mar Sheárlas II.
Ar an 7 Meitheamh 1628, thug Séarlas I a aontú d'Achainí um Chearta[1][2].
Den chuid is mó léirigh an Achainí an tuairim a bhí ag na Tiarnaí agus na Teachtaí go raibh na rudaí seo a leanas in éadan dhlí Shasana, gan cead na Parlaiminte:[3]
Dá thairbhe sin, is céim bhunúasach an Achainí i bhforbairt smaointe Sasanacha agus Mericeánacha, maidir leis an tsaoirse bhunreachtúil agus an rialtas bunreachtúil — mar shampla, an prionsabal nár cheart na fórsaí armtha a imlonnú chun críocha na slándála baile ach i gcásanna eisceachtúla amach is amach.
Faoin mbliain 1648, bhí an Chéad Chogadh Cathartha i Sasana críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas sin ar Oilibhéar Cromail agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo Séarlas I a thriail ar chúiseamh tréasa (dhíbir an Coirnéal Thomas Pride an chuid eile). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”) agus bhí sé féin orthu siúd a shínigh barántas báis an Rí. Básaíodh Séarlas I ar 30 Eanáir 1649.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.