Rónán Ó Snodaigh
amhránaí Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceoltóir, amhránaí agus file é Rónán Ó Snodaigh. Is é Ó Snodaigh príomhamhránaí an bhanna ceoil Kíla. D'eisigh Rónán ceithre albam dá chuid féin, 'Last mile home', ‘Playdays, ‘Tonnta Ró’ agus 'Tip Toe'. Is mac é leis an bhfoilsitheoir agus scríbhneoir Pádraig Ó Snodaigh, tá trí leabhar filíochta foilsithe aige 'The Gaden Wars', 'Songs' agus 'Luascadán' an leabhar amhránaíochta le comhlacht foilsitheoireacht a athar, Coiscéim.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Eanáir 1970 54 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol, amhránaíocht agus filíocht |
Gairm | amhránaí, file, cumadóir amhrán |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha agus bodhrán |
Teaghlach | |
Athair | Pádraig Ó Snodaigh |
Siblín | Aengus Ó Snodaigh, Colm Ó Snodaigh agus Rossa Ó Snodaigh |
Seinneann Ó Snodaigh an bodhrán, an djembe, an conga, an bongó agus an giotár agus a lán uirlisí ceoil eile.
Baineann sé úsáid rialta as rím, athrá, imeartas focal agus liostáil ina chuid amhrán. Go leor amhrán leis tá eilimintí den cheol dúchais Éireannach iontu measctha le nithe ó thraidisiúin eile, ina measc rapáil, ceol dúchasach na hAfraice agus eile. Deirtear go bhfuil stíl amhránaíochta an hip hap le sonrú ar a ghlór agus go bhféadfaí a rá gur albam é Sos atá faoi thionchar an rap agus an cheoil traidisiúnta in éineacht (https://www.goldenplec.com/album-reviews/ronan-o-snodaigh-sos-review/).