amhránaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is amhránaí popcheoil é Ryan O'Shaughnessy (a rugadh ar an 27 Meán Fómhair 1992). Is as Na Sceirí, i dtuaisceart Chontae Átha Cliath é Ryan. Bhí sé ar an gcéad sraith The Voice of Ireland sa bhliain 2012 agus fuair sé go dtí an séónna beo. Tar éis sin, bhí sé ar an séú sraith Britain's Got Talent sa bhliain 2012 agus tháinig sé sa chúigiú háit.
(2018) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Meán Fómhair 1992 31 bliana d'aois Na Sceirí, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | British and Irish Modern Music Institute (en) Portmarnock Community School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, pianódóir, giotáraí, amhránaí is scríbhneoir, aisteoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 2012 – |
Seánra | Popcheol |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Giotár |
Lipéad ceoil | Sony Music |
Ghlac sé/sí páirt i | |
Bealtaine 2018 | Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2018 (16) |
|
Bhí sé ar Fair City mar Mark Halpin ó 2001 go 2010.
Bhí Ryan ar chéad sraith The Voice of Ireland i 2012 agus fuair siad go dtí an seónna beo. Sna héisteachtaí dalla chan sé "The Power of Love", agus roghnaíodh Brian Kennedy é. Sna babhtaí catha chan sé "One" agus é in aghaidh Colin Hand. Bhuaigh sé an cath. Ag an chéad seó beo chan sé "Baby" agus bhí sé i mbunbheirt le Sinéad Fox. Díbríodh é ar an 4 Márta.
Tar a éis sin, bhí Ryan ar an séú sraith Britain's Got Talent sa bhliain 2012. Sna héisteachtaí chan sé "No Name". Ag an leathcheannais chan sé "First Kiss" agus bhuaigh sé an vótáil phoiblí[1]. Ag an ceannais chan sé "No Name" arís agus tháinig sé i gcúigú háit.
Babhta | Amhrán | Toradh |
---|---|---|
Éisteachtaí nDall | "The Power of Love" | Foireann Brian |
Babhtaí Catha (In aghaidh Colin Hand) | "One" | Slán le Brian |
Seachtain 1 | "Baby" | Díbeartha |
Tháinig a chéad seinn leabhraithe amach ar 13 Lúnasa 2012, Ryan O'Shaughnessy, albam beag. Is iad na hamhráin atá ar an albam seo ná, 'No Name', 'Sofa bed', 'Lost in You', 'Time stands still', 'First Kiss' agus 'Waiting'.
Bhí O'Shaughnessy ar The Hit sa bhliain 2013. Bhí sé i gcoinne Brian Kennedy. Roghnaigh O'Shaughnessy amhrán de chuid Mark Graham & Frances Mitchell "Who Do You Love?".
D'eisigh Ryan a chéad albam Back to Square One ar an 11 Samhain 2016.
Fógraíodh ar an 31 Eanáir 2018, go mbeadh Ryan in iomaíocht ar son na hÉireann ag an gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2018.
Chas Ryan O'Shaughnessy an t-amhrán "Together" agus sheinn sé ar a ghiotár chomh maith. Tháinig iarracht na hÉireann sa séú háit déag le 136 phointe sa cheannais.
Bhunaigh O'Shaughnessy a lipéad ceoil Bayview Records i 2015. Scaoil Bayview Records SL de chuid SaraRose SaraRose ar an 18 Lúnasa 2016.
Teideal | Eolas | Buacphointí ar an gCairt | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
ÉIRE | |||||||||||||
Back to Square One |
|
— | |||||||||||
"—" Ní raibh an t-albam sa chairt seo. |
Teideal | Eolas | Buacphointí ar an gCairt | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
ÉIRE | RA | ||||||||||||
Ryan O'Shaughnessy |
|
1 | 9 | ||||||||||
"—" Ní raibh an t-albam sa chairt seo. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.