Rubar aiceanta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Mar a thairgtí i dtosach é, is éard is rubar aiceanta ann, ar a dtugtar freisin rubair Indiach nó caoutchouc, ná polaiméirí oiriúnacha den comhdhúil orgánach isipréin ,le heisíontaisí beaga de chomhdhúile orgánacha eile, móide uisce. Tugtar leaistiméirí ar fhoirmeacha de phoilisipréin a bhíonn úsáideach mar rubair aiceanta. Faoi láthair, saothraítear rubar go príomha i bhfoirm laitéise ó chrainn áirithe. Is éard is laitéis ann ná collóideach bhainniúil ghreamaitheach, a bhaintear amach as choirt tré ghearradh agus bailítear an sreabhán i soithí i bpróiseas ar a dtugtar "bearnú". Scagtar an laitéis ansin go dtí rubar, réidh le haghaidh próiseála tráchtála. Baintear úsáid as rubar aiceanta go forleathan i go leor feidhmeanna agus táirgí, ina aonar nó in éineacht le hábhair eile. Sa chuid is mó dá fhoirmeacha úsáideacha, bíonn cóimheas sínteach mór aige, athléimneacht ard, agus bíonn sé an-uiscedhíonach.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/57/Rubber_tree_plantation_Thailand_%E3%82%BF%E3%82%A4%E3%81%AE%E3%82%B4%E3%83%A0%E5%9C%92_DSC05246.jpg/640px-Rubber_tree_plantation_Thailand_%E3%82%BF%E3%82%A4%E3%81%AE%E3%82%B4%E3%83%A0%E5%9C%92_DSC05246.jpg)