Rothar
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist leis an rothar, nó leis an ngearrán iarainn (nó each iarainn uaireanta) (úsáidtear leaganacha truaillithe den fhocal Béarla bicycle go coitianta i gcaint na Gaeltachta, cosúil le badhsacail agus badhsalaic; focal oifigiúil é badhsacal i nGaeilge na hAlban) ná cóir thaistil an-áisiúil a bhfuil dhá roth fúithi agus iad á gcasadh ag matáin an duine atá a stiúradh an rothair, nó an rothaí. Tá an dá roth ceangailte le fráma an rothair, agus an rothaí ina shuí in airde ar an bhfráma.
An déanamh atá ar an rothar inniu (an dá roth ar aon mhéid le chéile chomh maith leis an slabhra tiomána) tháinig sé chun saoil sa bhliain 1895, ach bhí rothair den chineál eile ann roimhe sin féin. Chuaigh an rothar slabhrathiomáinte ar fud an domhain ó shin, agus inniu, tá an rothar dhá oiread chomh coitianta leis an ngluaisteán. Is é an rothar an príomh-mheán iompair ina lán réigiún ar an domhan, toisc go bhfuil sé saor i gcomparáid leis an ngluaisteán (mar shampla), agus is féidir leis an rothaí taisteal a dhéanamh beag beann ar na bóithre, má tá an tír-raon oiriúnach don rothaíocht.
Caitheamh aimsire agus cleachtas aclaíochta atá sa rothaíocht freisin. Cuireann an rothar ar chumas an chathróra aghaidh a thabhairt ar an tuath ar lorg aeir ghlain, agus san am chéanna, coinníonn an rothaíocht féin na matáin, an croí agus na scamhóga ag obair go maith. Baineann póilíní, teachtairí agus daoine eile leas as an rothar ina gcuid oibre, agus is spórt comórtais í an rothaíocht freisin. Is dócha gurb é an Tour de France - an turas timpeall na Fraince - an comórtas rothaíochta is clúití ar domhan, agus tá cáil ar laochra móra an chomórtais seo, cosúil le Lance Armstrong agus Eddy Merckx.
Is féidir luas 50 ciliméadar san uair a bhaint amach ar rothar agus d'éirigh leis an gCeanadach Sam Whittingham 142.51 ciliméadar san uair a shroicheadh ar chúrsa rásaíochta. Is é seo an churiarracht do na feithiclí daontiomáinte ar fad.
An duine a thabharfaidh an iarracht chéanna agus a chaitheann an fuinneamh céanna, beidh sé ag gluaiseacht an trí oiread chomh luath leis an gcoisí. Le fuinneamh an bhia a thiontú go fuinneamh gluaiseachta, is í an rothaíocht an modh is feidhmiúla atá ag neach beo ar bith.