Rolling Stone
From Wikipedia, the free encyclopedia
Irisleabhar Meiriceánach coicísiúil is ea Rolling Stone a dhíríonn ar an gcultúr coitianta. Jann Wenner, foilsitheoir ar an irisleabhar go dtí inniu féin, agus Ralph J. Gleason, criticeoir ceoil, a bhunaigh an foilseachán in San Francisco sa bhliain 1967. Aithníodh é ar dtús as an tuairisciú ceoil san iris agus as tuairiscí polaitíochta le Hunter S. Thompson. Sna 1990idí d'athraigh an iris a fócas ar dhaoine níos óige agus ar na seónna teilifíse, aisteoirí scannáin agus popcheol a thaitin leo, dar le foilsitheoirí na hirise. Le blianta beaga anuas, tá Rolling Stone tagtha ar ais chuig an meascán d'ábhair a bhí acu roimh na '90idí. Tá cló foilsitheoireachta i gcomhair leabhar acu freisin darb ainm Rolling Stone Press.
Fíricí Gasta Cineál, Cárta innéacs ...
Cineál | irisleabhar agus suíomh gréasáin |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Am tosaigh | 1967 |
Bunaitheoir(í) | Jann Wenner |
Áit a fhoilsithe | Nua-Eabhrac |
Tréith | |
Príomhábhar | cultúr an phobail agus popcheol |
Eagarthóir | Jann Wenner |
Foilsitheoir | Jann Wenner |
Eagrán | Rolling Stone (en) (an Airgintín), an Spáinnis Rolling Stone (an Iodáil), an Iodáilis Rolling Stone (en) (an Spáinn), an Spáinnis Rolling Stone (en) (an tSile), an Spáinnis Rolling Stone (en) (an Rúis), an Rúisis Rolling Stone (en) (Meicsiceo), an Spáinnis |
Páirteanna | 1,326 |
Aitheantóirí | |
ISSN | 0035-791X |
Suíomh | rollingstone.com |
Dún