Údar agus file Breatnaise From Wikipedia, the free encyclopedia
Is údar agus file é Robin Llwyd ab Owain (rugadh Meitheamh 1958; ainm cleite:Robin Llwyd). Ghnóthaigh sé an 'chathaoir' ag Eisteddfod Náisiúnta na Breataine Bige sa bhliain 1991, in yr Wyddgrug, as an óid a chum sé ""Merch Ein Amserau" (Cailín ár linne). Scríobhadh an óid Merch ein Amserau ar bhealach nua-aimseartha agus dar le duine den na léirmheastóirí Eirian Davies bhí an óid "torri tir newydd" (ceannródaíoch).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Meitheamh 1958 66 bliana d'aois Cynwyd, Wales |
Áit chónaithe | Rhuthun |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, foilsitheoir, scríbhneoir, Vicipéideoir |
Teangacha | Béarla agus an Bhreatnais |
Teaghlach | |
Athair | Owain Owain |
Gradam a fuarthas | |
| |
Tá liricí amhrán scríofa aige freisin e.g. Pedair Oed (Rhys Meirion) agus Brenin y Sêr (Bryn Terfel). Scríobh sé liricí scripte agus amhrán na gceoldrámaí Ceidwad y Gannwyll (1985), Rhys a Meinir (1987), Iarlles y Ffynnon (1992-3) agus Pwy bia'r Gân?(2003).[1]
Níl imleabhar (páipéar) dá shaothar foilsithe aige, ach foilsíodh Rebel ar y We ar an nGréasán Domhanda i mí na Nollag 1996; ba é seo an chéad imleabhar sa Bhreatnais a cuireadh ar an nGréasán Domhanda.[2][3] Athraíodh teideal an imleabhair dhigitigh seo ar an 22 Bealtaine 2006 go 'Rhedeg ar Wydr'.[4]
Ar an 1 Iúil 2013, cheap Wikimedia UK agus Wiki Cymru Robin mar chéad Bhainisteoir na Breataine Bige.[5][6] Is é an ról atá aige ná ábhar Vicipéid na Breataine Bige (Wicipedia Cymraeg. https://cy.wikipedia.org/wiki/Hafan) agus ábhair de chuid na Breataine Bige a leathnú amach ar Wikipedia an Bhéarla. Mar chuid den scéim seo, tugann Senedd Cymru (Gaeilge: Parlaimint na Breataine Bige) tacaíocht airgeadais le haghaidh eagarthóirí nua a oiliúint. Ag labhairt dó faoi cheapachán Robi, dúirt Jon Davies, Príomhfheidhmeannach Wikimedia UK: "Is cuid riachtanach dár straitéis for-rochtana é ceapachán Robin mar Bhainisteoir na Breataine Bige. Is é Wikipedia na Breataine Bige an suíomh Gréasáin Breatnaise is mó éilimh ar domhan agus táimid bródúil as tacú leis an Bhreatnais.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.