Polaiteoir Éireannach, ceannaire de chuid Fhine Gael agus Aire Rialtais ab ea an Ginearál Risteárd Séamus Ó Maolchatha, (10 Bealtaine, 1886 - 16 Nollaig, 1971).[1]
Saol
Ghlac an Maolchathach páirt in Éirí Amach na Cásca; bhí sé mar leas-cheannasaí ar dhíorma d'Óglaigh a d'ionsaigh póilíní i gCill Dhéagláin. Bhí Tomás Ághas i gceannas an díorma sin.
D'éirigh Ó Maolchatha ina mhac léinn leighis i gColáiste na hOllscoile, BÁC i mí Meán Fómhair 1916[2] agus é 30 bliain d'aois.
Ceapadh Ó Maolchatha mar Cheann Foirne ar Óglaigh na hÉireann (na Volunteers ag an am) ar an 23 Márta 1918.[3][4][5][6] Choimeád sé oifig i halla na Ceimice i Roinn na Síceolaíochta ar Ardán Phort an Iarla, áit a chuir sé i gcrích a chuid cúraimí mar Cheann Foirne.[7]
Toghadh Ó Maolchatha mar Theachta Dála san olltoghchán i mí na Nollag 1918.
D''éirigh Ó Maolchatha as an staidéar i 1919. Bhí sé ina Cheann Foirne le linn Chogadh na Saoirse, mar aon le bheith mar Leas-Aire Cosanta.
Ghlac Ó Maolchatha leis an gConradh agus ceapadh mar Ard-Cheannasaí ar an Arm é nuair a maraíodh Micheál Ó Coileáin i mí Lúnasa 1922. Dar le Ó Maolchatha, ba cheart poblachtánaigh a chur chun báis chun deireadh gasta a chur leis an gCogadh Cathartha.
Gaeilge
Bhí Gaeilge ar a thoil aige (chaith sé seal ag obair i gContae Chiarraí agus i gContae Corcaigh)[8].
Bhí an Maolchathach ina chathaoirleach ar Choimisiún na Gaeltachta i 1925 ach ba chionsiocair é "leis an réiteach liopasta agus an neamh-shainmhíniú Gaeltachta mar aonad teangeolaíoch i 1925".[9]
Ar an 6 Meitheamh 1928, shínigh Risteárd Ua Maolchatha, a bhí ina Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte ag an am, Ionstraim Reachtúil Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928. Faoi na rialacháin nua seo, bheadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú, le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin[10]. Ach níor cuireadh an riail seo i bhfeidhm riamh.
- Risteárd Ó Maolchatha
- Mícheál Ó Coileáin & Risteárd Ó Maolchatha, 16 Lúnasa 1922.
- Comhad faisnéise míleata ar Richard Mulcahy ó Arm na Breataine Móire
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.