Tháinig Dawkins chun cinn ar dtús le leabhar dá chuid sa bhliain 1976, darbh ainm 'The Selfish Gene'. Chabhraigh sé seo go mór leis an dearcadh géin-láraithe ar éabhlóid a chur i lár an aonaigh agus thug sé an téarma 'meme' ar an saol, rud a chabhraigh le forbairt 'memetics'.
Sa bhliain 1982, chuir sé go mór le heolaíocht na héabhlóide, leis an teoiric a léirigh sé ina leabhar The Extended Phenotype, is é sin nach mbaineann éifeachtaí feinitíopacha le corp an orgánaigh amháin ach go mbíonn siad in ann a bheith scaipthe ar fud na timpeallachta, corp na n-orgánach eile san áireamh. Bíonn an teoiric seo á lua go minic ag lucht bitheolaíochta.
Tá ceithre leabhar mór-ráchairte scríofa aige ó shin agus bhí sé le feiceáil agus le cloisteáil ar go leor cláracha teilifíse agus raidió maidir le bitheolaíocht éabhlóideach, cruthaíochtachas agus reiligiún.
Is duine frith-reiligiúnach neamhbhalbh é chomh maith le bheith ina aindiachaí, ina dhaonnachaí saolta, agus ina sceipteach agus tacaíonn sé le gluaiseacht na 'Brights'. Tugtar an leasainm "rótvaidhléir Darwin" air as díograis na tacaíocht a thugann sé do theoiric na héabhlóide, tagairt don bhitheolaí Sasanach T. H. Huxley a raibh an leasainm "bulladóir Darwin" air.