réad sa spás a astaíonn tonnta láidre raidió From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i radafhoinsí réalteolaíocha réada sa spás amuigh a astaíonn radathonnta láidre. Tagann rad-astúcháin óna lán foinsí. Tá réada dá leithéid ar chuid de na próiséis is déine agus is fuinniúla sa chruinne.
In 1932 d’aimsigh Karl Jansky, fisiceoir agus innealtóir raidió i Meiriceá, radathonnta a bhí ag teacht ó fhoinse aineoil i lár ár réaltra agus é ag déanamh staidéar ar son Bell Laboratories ar céard ba chúis le trasnaíocht i radaimhinicíochtaí. Fuair sé “a steady hiss type static of unknown origin” agus rinne sé amach gur tháinig sé ó áit lastall den domhan.[1]
Ba é Grote Reber a rinne an chéad suirbhé raidió sa spéir agus críochnaíodh é in 1941. Sna 1970idí fuarthas amach go raibh réaltaí éigin inár réaltra féin ag astú radathonnta. Bhí an déréalta MWC 349 ar na cinn ba threise.[2]
Is í an Ghrian an réalta is gaire dúinn agus dá bhrí sin is í an radafhoinse is láidre í sa chuid is mó de na minicíochtai chomh fada síos leis an speictream raidió ag 300 MHz (tonnfhad 1 m). Nuair atá an Ghrian ciúin is é an torann cúlra réaltrach is treise ar thonnfhaid níos faide. I rith stoirmeacha geomaighnéadacha is í an Ghrian is mó torann fiú ar mhinicíochtaí ísle.[3]
Tagann radathonnta láidre ó ascalú na leictreon atá gafa ag maighnéadaisféar Iúpatair. Tá na tonnta thar a bheith soiléir sa bhanda deiciméadair.
Is é maighnéadaisféar Iúpatair is cúis le géarastúcháin ó chríocha polacha an phláinéid. Cuireann bolcáin ar Io, gealach Iúpatair, gás isteach sa mhaighnéadaisféar, rud a scaipeann tóras cáithníní timpeall an phláinéid. Nuair a ghluaiseann Io tríd an tóras déanann an t-idirghníomhú tonnta Alfvén a thugann damhna ianaithe isteach leo sna críocha polacha. Dá bhrí sin gintear radathonnta trí mhéasar réaltfhisiciúil agus astaítear an fuinneamh amach feadh dromchla cónaigh. Nuair a thrasnaíonn an Domhan an cón seo thig le hastúcháin Iúpatair tonnta na Gréine a shárú.[4]
Ba é lár Bhealach na Bó Finne an chéad radafhoinse a aimsíodh. Tá roinnt foinsí istigh ann, leithéidí Sagittarius A* agus an dúpholl an-mhór atá i lár an réaltra.
Is minic radathonnta idirleata á n-astú ag iarsmaí ollnóvaí, leithéidí Chaiseoipé A agus Réaltnéal an Phortáin.
Uaireanta fágann ollnóvaí neodrónréaltaí dlútha guairneacha ina ndiaidh a dtugtar pulsáir orthu. Astaíonn siad sin scairdeanna cáithníní luchtaithe agus astaíonn na cáithníní radaíocht sincreatróin sa speictream raidió.
Neodrónréaltaí is ea radafhoinsí guairneacha díomuana. Síltear go n-astaíonn siad radathonnta atá an-deacair a aimsiú toisc go bhfuil siad chomh díomuan sin.[5] Aimsíodh astúcháin a mhair níos lú ná soicind sa lá.[6]
Astaítear gearrthonnta raidió ó mhóilíní casta i ndlúthnéalta gáis mar a bhfuil réaltaí á saolú.
Tá radathonnta á n-astú as néalta hidrigine neodraí agus aonocsaíd charbóin i réaltraí bíseacha. Baineadh feidhm as radaimhinicíochtaí an dá mhóilín seo chun cuid mhaith de Bhealach na Bó Finne a mhapáil.[7]
Is iomaí réaltra a astaíonn radathonnta tréana, leithéidí Centaurus A agus Messier 87.
Bhí cuasáir (Béarla: "quasi-stellar radio source" - quasar) ar na chéad radafhoinsí a aimsíodh. Cuireann a ndeargaistriú mór i gcéill gur cian-núicléis réaltracha iad agus dúphoill istigh iontu. Tá scairdeanna cáithníní luchtaithe acu a astaíonn radaíocht sincreatróin. Sampla de sin is ea 3C 273, an cuasár is gile.
Nuair a thagann braislí réaltracha le chéile is minic a chuireann siad rad-astúcháin idirleata amach.[8]
Is radaíocht chúlra í an cúlra cosmach micreathonnta agus í fágtha mar iarsma i ndiaidh na hOllphléisce (an fhorbairt luath a tharla timpeall 13.8 billiún bliain ó shin[9] agus a chuir tús leis an gcruinne).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.