Ríthe na nUladh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríthe as Cúige Uladh ab ea Rí na nUladh (Sean-Ghaeilge Rí Ulad), idir seanscéalach agus stairiúil. Bronnadh an teidal Rí an Chúige (rí in Chóicid) air scaití.[1]
Ríthe na nUlad seanscéalach, agus na críocha níos lú ar chósta thoir thuaidh na tíre, a bhíodh i gceist leis an teideal ó thús. Léiríonn léarscáil Tholamaes (tiomsaithe circa AD 150 ó fhoinsí éagsúla a bhí níos luaithe ann) iad mar Uoluntii agus Darini in aice láimhe. Is cosúil go raibh ceannas díreach acu ar Chontae Mhuineacháin, Chontae Ard Mhacha, Chontae an Dúin, Chontae Aontroma agus cuid mhaith de Chontae Lú mar atá siad anois ann, nuair a bhí a fhorlámhas i mbláth. Ba iad na hOirialla, cónaidhm scaoilte de chine na gCruithneach agus vasáilligh na nUlad, a bhí i gceannas i lár an chúige. Tá dhá threibh eile luaite ag Tolamaes níos faide siar ina léarscáil, na Vennikinii i gContae Dhún na nGall agus na Erpitianni ar feadh Loch Éirne uachtair agus íochtair; bhí an bheirt acu is dócha faoi réir riail na nUlad.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d5/Ireland_early_peoples_and_politics.gif/640px-Ireland_early_peoples_and_politics.gif)
Tháinig deireadh leis an teideal tar éis ionradh na Normannach sa bhliain 1177 agus bhunú Iarlacht na nUladh. Bronnadh an teideal Rex Hibernicorum Ulidiae, .i. "Rí na nGael na nUladh",[2] ar Mhic Dhúinnshléibhe go dtí gur thit an rítheaghlach i léig faoi dheireadh na 13ú haoise.
Tar éis teip na hiarlachta sa bhliain 1333, d'fhorghabh agus d'athbheoigh Uí Néill an Tuaiscirt, príomhchéilí comhraic Gaelacha na nUlad, an teideal i ndiaidh na bliana 1364. Mar thoradh, d'éirigh gaol idir an teideal agus a gcuid críoch, agus go deimhin thug siad an t-ainm 'Ulaidh' orthu.[2]