From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar Ré an Uafáis, nó go simplí an tUafás, (5 Meán Fómhair 1793 – 28 Iúil 1794) ar na laethanta ba mheasa de Réabhlóid na Fraince, ina bhris foréigean amach idir an dá fhaicsean Gioróndach agus Seacaibíneach. Ré fuilteach a bhí ann, inar cuireadh na mílte daoine chun báis, daoine ar a dtugtaí "naimhde na réabhlóide". Meastar inniu gur maraíodh idir 20,000 agus 40,000 duine le linn na tréimhse. An grúpa a bhí freagrach as ná Coiste na Slándála Poiblí, faoin cheannaire Maximilien Robespierre.
Cineál | tréimhse stairiúil |
---|---|
Cuid de | Réabhlóid na Fraince |
Tréimhse | 2 Meán Fómhair 1793 - 28 Iúil 1794 |
Suíomh | An Chéad Phoblacht Fhrancach, An Fhrainc |
Tír | an Fhrainc |
Eagraí | Committee of Public Safety (en) |
Bhí an gilitín ("an Rásúr Náisiúnta", mar a bhítí ag tabhairt air) ina shiombail mhór ar Ré an Uafáis, agus i measc na daoine ba cháiliúla a daoradh chun aghaidh a thabhairt air ná Marie-Antoinette, Philippe Égalité, Madame Roland agus Antoine Lavoisier.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.