prionsa Briotanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is prionsa Briotanach é Prionsa Andrew,[1] Diúc Eabhrac, (a rugadh ar 19 Feabhra 1960).
Tá sé ina mac ag Eilís II na Ríochta Aontaithe agus Prionsa Pilib, Diúc Dhún Éideann.
Bhí sé pósta ar Sarah, Bandiúc Eabhrac agus tá beirt iníonacha acu.
Bhí Andrew an-mhór le Jeffrey Epstein (chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac in 2019 tar éis a chiontaithe i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg). Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[2]
Chuaigh an Prionsa imithe i bhfolach ar na meáin arís eile in 2021 ó tugadh cúiseanna dlí ina aghaidh i gcúirt i Nua-Eabhrac as mí-úsáid agus éigniú a dhéanamh ar Virginia Roberts Giuffre le linn dó a bheith ag freastal ar ócáid a bhí eagraithe ag Jeffrey Epstein.[2]
I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaígh go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[3] Dúradh sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[4] Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[5]
Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.