From Wikipedia, the free encyclopedia
Is prióireacht Agaistíneach é Prióireacht Cheanannais' i gContae Chill Chainnigh. Is de bharr an daingnithe a rinne na hAngla-Normannaigh ar Chúige Laighean a bunaíodh Prióireacht Cheanannais. Ba é Geoffrey FitzRobert, a bhí ina ridire tí agus ina chompánach dílis ag William Marshal, a bhunaigh í agus bhí an phrióireacht mar ghné amháin den bhaile nuair a bhunaigh Geoffrey baile mheánaoiseach Cheanannais.[1]
Prióireacht Cheanannais | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Prióireacht | |||
Foirgníocht | 1193 (Féilire Ghréagóra) | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | ailtireacht Ghotach | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chill Chainnigh, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 180 | |||
Cé gur bunaíodh í thart ar 1193, tá iarsmaí fairsinge di le feiceáil go fóill sa lá atá inniu ann. Ina measc sin, tá corp na heaglaise, saingeal, séipéal na mban, an clabhstra agus foirgnimh ghaolmhara, chomh maith le hiarsmaí d’otharlann na prióireachta, ceardlann, cistin, oigheann aráin agus muileann. Tarraingíonn na cosaintí meánaoiseacha, atá thart ar an limistéar ar fad, aird ar ghné mhíleata an tsuímh agus is é sin an bunús atá le hainm áitiúil na prióireachta – ‘Seacht gCaisleán Cheanannais’.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.