Port Láirge
cathair i gContae Phort Láirge / From Wikipedia, the free encyclopedia
Cathair i ndeisceart Phoblacht na hÉireann is ea Port Láirge[1], agus í suite i gcontae atá ainmnithe aisti. Is í an chathair is tábhachtaí in oirdheisceart na tíre í agus í ar an gcúigiú ceann is mó na tíre. B'iad na Lochlannaigh a bhunaigh í sa bhliain 914 agus mar sin, an chathair is sine in Éirinn atá ann.
Port Láirge | |||||
---|---|---|---|---|---|
Waterford (en) Port Láirge (ga) | |||||
Mana | «Urbs Intacta Manet Waterfordia» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Contae in Éirinn | Contae Phort Láirge | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 48,369 (2016) | ||||
• Dlús | 1,163.28 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 41.58 km² | ||||
Airde | 0 m | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Mayor of Waterford (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 051 agus 74 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 1383828 | ||||
Suíomh gréasáin | waterfordcouncil.ie |
Tugtar ainm Lochlannach ar Phort Láirge as Béarla, is é sin, Waterford, a tháinig as ainm sean-Lochlainnise a scríobhfaí Veðrafjörður in Íoslainnis an lae inniu. Is é Túr Raghnaill i bPort Láirge an foirgneamh cathrach is sine in Éirinn, agus é ainmnithe as bunaitheoir na cathrach, Raghnall nó Rögnvaldur as Íoslainnis. Is é an túr seo an cuimhneachán is sine dár fhág na Lochlannaigh ina ndiaidh in Éirinn a bhfuil ainm Lochlannach air i gcónaí, agus is air is fusa a aithnítear Port Láirge.
Sa bhliain 2006 bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh Chontae Chill Chainnigh.
Sníonn an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir bun le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa 19ú haois. B'iad muintir Malcomson, ar leosan an longcheárta úd Neptune Shipyards, a chuir agus a choinnigh ag obair ceann de na cabhlaigh ba mhó ar fud an domhain ó lár na 1850idí go deireadh na 1860idí, ina measc cúig línéar paisinéireachta tras-Atlantacha. Inniu, samhlaíonn muintir an tsaoil mhóir Port Láirge le criostal Phort Láirge (Waterford Crystal) thar aon rud eile, nó téann traidisiún gloineadóireachta na cathrach siar go dtí an bhliain 1783.