![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/54/Portrait_of_P%25C3%25ADo_Baroja_%2528cropped%2529.jpg/640px-Portrait_of_P%25C3%25ADo_Baroja_%2528cropped%2529.jpg&w=640&q=50)
Pío Baroja
scríbhneoir Spáinneach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Spáinnise ó Thír na mBascach a bhí i bPío Baroja y Nessi, a rugadh i San Sebastián (Donostia) ar an 28 Nollaig 1872 agus a fuair bás i Maidrid ar an 30 Deireadh Fómhair 1956. Bascach a bhí ann féin, ach ní raibh mórán measa aige ar theanga a cheantair dhúchais, cé go raibh téamaí Bascacha agus radharcra na Tíre Bascaí le haithint ina lán scríbhinní a tháinig óna pheann.
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (es) Pío Baroja y Nessi |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 28 Nollaig 1872 Donostia, An Spáinn ![]() |
Bás | 30 Deireadh Fómhair 1956 83 bliana d'aois Maidrid, An Spáinn ![]() |
Siocair bháis | Galar cardashoithíoch |
Áit adhlactha | Reilig Shibhialta Mhaidrid 40.422081°N 3.635772°W / 40.422081; -3.635772 Reilig Shibhialta Mhaidrid ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Universidad Central - míochaine ![]() |
Áit chónaithe | Maidrid |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, dochtúir leighis, file, drámadóir, scríbhneoir leighis, úrscéalaí, báicéir ![]() |
Ball de | |
Seánra | Úrscéal |
Gluaiseacht | Glúin '98 |
Teangacha | An Spáinnis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Athair | Serafin Baroja |
Siblín | Carmen Baroja agus Ricardo Baroja |
Duine muinteartha | Julio Caro Baroja (nia) Pío Caro Baroja (nia) ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e8/P%C3%ADo_Baroja_en_Parque_del_Retiro_Madrid.jpg/640px-P%C3%ADo_Baroja_en_Parque_del_Retiro_Madrid.jpg)
Rinne sé staidéar le bheith ina dhochtúir, ach níor chleacht sé an cheird seo riamh - go bunúsach, ní raibh ann ach amhábhar don úrscéal El árbol de la ciencia ("Crann an Eolais"). Is é saol na mac léinn atá faoi chaibidil ag Baroja sa leabhar seo. Chaith sé seal i mbun bhácús a mhuintire, rud atá le haithint i saothair eile leis, ar nós La Busca ("An Cuardach").
Scríbhneoir próis a bhí ann thar aon rud eile, cé gur bhain sé triail as an drámaíocht freisin, agus scríobh sé aistí chomh maith.
Is iad na saothair is tábhachtaí ná:
- an tríológ Bhascach: La casa de Aitzgorri, El mayorazgo de Labraz agus Zalacaín el aventurero;
- an tríológ La lucha por la vida ("An Troid ar son na Beatha"): La busca, Mala hierba agus Aurora Roja;
- an tríológ La raza ("An Cine"), mar atá: El árbol de la ciencia, La dama errante, agus La ciudad de la niebla;
- an tríológ El pasado ("Na Laethanta a Bhí"), nó: La feria de los discretos, Los últimos románticos, agus Las tragedias grotescas;
- an tríológ La vida fantástica ("An Saol Iontach"), is é sin, Aventuras, inventos y mixtificaciones de Silvestre Paradox, Camino de perfección (pasión mística) agus Paradox rey;
- an tríológ Las ciudades ("Na Cathracha"), nó César o nada, El mundo es así agus La sensualidad pervertida;