From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla Oll-lámhach Christchurch ar an 15 Márta 2019; dúnmharaíodh 51 duine agus leonadh 50 eile i mí an Mhárta nuair a d’ionsaigh sceimhlitheoir geal dhá mhosc i gcathair Christchurch na Nua-Shéalainne, an t-ionsaí sceimhlitheoireachta ba mheasa riamh sa tír sin, agus ceann de na laethanta is dobróine i stair na Nua Shéalainne.[1][2]
| ||||
Cineál | ionsaí sceimhlitheoireachta dúnmharú líonmhar livestreamed crime (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 15 Márta 2019 | |||
Suíomh | Christchurch, An Nua-Shéalainn Canterbury Region, An Nua-Shéalainn (en) Al Noor Mosque, An Nua-Shéalainn (en) Linwood Islamic Centre, An Nua-Shéalainn (en) , Christchurch City, An Nua-Shéalainn (en) | |||
Tír | an Nua-Shéalainn | |||
Sprioc | Al Noor Mosque (en) agus Linwood Islamic Centre (en) | |||
Cúis | forchiníochas geal Ioslamafóibe | |||
Is cúis le | Arms (Prohibited Firearms, Magazines, and Parts) Amendment Act 2019 (en) | |||
Líon básanna | 51 | |||
Líon gortaithe | 40 | |||
Déantóir na coire | Brenton Tarrant (dúnmharfóir) | |||
Arm | 2 military-style semi-automatic (en) 2 Gunna gráin 1 bolt-action rifle (en) buama ghluaisteáin raidhfil de chineál AR-15 Mossberg 930 (en) Remington Model 870 (en) .357 Magnum (en) | |||
Meán cumarsáide | ||||
Bhí na daoine bailithe ansin do phaidreacha na hAoine nuair a scaoileadh sraith urchar leo. Bhí clú ar an bhfear as ucht a chuid tuairimí ciníoch.
Fear ón Astráil a bhí freagrach as an uafás. Chraol Brenton Tarrant, fear 28 bliain d’aois físeán beo ar Facebook ina raibh sé féin le feiceáil ag tiomáint chuig mosc, ag dul isteach agus ag scaoileadh leis na daoine istigh.[3]
Chuaigh Tarrant isteach sa mhosc Al Noor atá i lár Christchurch agus thosaigh sé ag scaoileadh le daoine ag 1.40pm de réir am na háite. Chuaigh sé as sin go dtí mosc Linwood, áit ar mharaigh siad deichniúr eile.
Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur chuir an eachtra seo alltacht ar dhaoine ar fud an domhain. "Déanfaidh siad siúd go léir a chreideann sa tsaoirse agus i luachanna an daonlathais cáineadh ar an ionsaí seo ar dhaoine neamhurchóideacha i láithreacha adhartha do phobal reiligiúnach". [4]
Tharla Buamáil na Cásca i Srí Lanca ar an 21 Aibreán 2019; maraíodh timpeall trí chéad duine in ionsaithe buamála ar Dhomhnach Cásca sa bpríomhchathair Colombo. Dúirt Rialtas Srí Lanca ag an am gur mar dhíoltas ar an slad a rinneadh ar an bpobal Moslamach in dhá mhosc i Christchurch sa Nua-Shéalainn i mí an Mhárta 2019 a tugadh faoi na hionsaithe i gColombo.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.