oileán agus baile fearainn i gContae Mhaigh Eo From Wikipedia, the free encyclopedia
Is oileán Éireannach í Cathair na Naomh nó Oileán na Cathrach.[1] Tá sé suite amach ó chósta iardheisceart Chontae Mhaigh Eo idir an tOileán Chliara ó thuaidh agus Inis Toirc ó dheas. Níl éinne ina chónaí ar an oileán an lá atá inniu ann.
Cineál | Oileán agus baile fearainn | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cuan Mó | |||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Cuan Mó | |||
Logainm.ie | 36980 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Mhaigh Eo, Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | |||
Codanna | ||||
Tréithe | ||||
Toisí | 0.6 () × 1.2 () km | |||
Achar | 0.52 km² | |||
Bhí mainistir ar an oileán go luath i ré na Críostaíochta agus tá iarsmaí de shéipéal agus de na ballaí timpeall air le feiceáil go fóill, in éineacht le roinnt leac greanta. Ceaptar go bhfuil a rian de dhíthreabha manach ón seachtú haois ar an oileán freisin.
Déantar oilithreacht go dtí an t-oileán leis na cianta, go mór mhór ar an 15ú Lúnasa, 's é sin, ar Lá Fhéile Muire Mór. Sroichtear an t-oileán ar bhád as Inis Toirc, de ghnáth.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.