From Wikipedia, the free encyclopedia
Víreas coitianta go leor atá sa noraivíreas (norovirus i mBéarla). Tugtar ‘fríd urlacain geimhridh’ nó 'galar urlacain geimhridh' air freisin toisc go mbíonn sé níos coitianta sa gheimhreadh. Is féidir leat é a thógáil ag am ar bith den bhliain, áfach.[1][2]
Cineál | tacsón |
---|---|
Pataigineas | |
Éifeacht | Gastaireintríteas |
Acmhainní seachtracha | |
eMedicine | 224225 |
Patient UK | Norovirus |
MeSH | D029322 |
UMLS CUI | C0949920 |
Meastar gurb é is cúis le 50 faoin gcéad de na cásanna buinní. Is féidir leis an noraivíreas a bheith gránna. Ach ní galar an-tromchúiseach é – bíonn an t-othar i gceart i gceann cúpla lá agus is iondúil go n-imíonn an víris leis féin. Sin ráite, mothaíonn an té a mbíonn sé air an-tinn.[3] Daoine thar 65 agus páistí óga is mó atá buailte leis an vireas.[4]
Is féidir leis scaipeadh go han-éasca agus go gasta in aon áit a bhfuil daoine ina gcónaí i ndlúththeagmháil. Scaipeann noraivíreas go héasca in áiteanna poiblí amhail ospidéil, saoráidí cónaithe agus pobail. Is féidir le duine é a thógáil má théann cáithníní beaga urlacain nó caca ó dhuine ionfhabhtaithe isteach ina bhéal. Is féidir leis sin tarlú sna cásanna seo a leanas:
Bíonn daoine ionfhabhtaíoch ón uair a thosaíonn na siomptóm go dtí go mbíonn siad imithe ar feadh 48 uair an chloig. D’fhéadfá bheith ionfhabhtaíoch freisin ar feadh tamall gairid roimhe sin agus ina dhiaidh sin.
Ar an drochuair, is féidir noraivíreas teacht ar dhaoine níos mó ná uair amháin, toisc go mbíonn an víreas ag athrú i gcónaí.
Ní féidir noraivíreas a sheachaint i gcóna faraor. Chun Noraivíreas a sheachaint
Ní théann an víreas i gcion ar gach duine ar an mbealach céanna. Éireoidh formhór na ndaoine tinn faoi cheann lá nó dhó i ndiaidh teacht i dteagmháil leis an víreas agus maireann sé ar feadh 2 nó 3 lá de ghnáth. Ní bhíonn siomptóim ar bith ar roinnt daoine agus mothaíonn siad go breá.[1]
Níl aon leigheas air,. Má thagann noraivíreas ort, ba chóir duit fanacht sa bhaile ní mór duit ligean dó a sheal a thabhairt. Ba chóir duit go leor deochanna glana a ól amhail uisce nó líomanáid réidh.
Ní chuideoidh antaibheathaigh an té a mbíonn tinn.. Go deimhin, d’fhéadfadh fo-iarmhairtí a bheith mar thoradh ar antaibheathaigh lena n-áirítear buinneach. Ciallaíonn sé sin go mbeidh gach duine níos fearr as gan antaibheathaigh mura bhfuil siad de dhíth le haghaidh ionfhabhtú éigin eile.
Ní gá d’fhormhór na ndaoine dul chuig an dochtúir. Is annamh a bhíonn cóireáil ospidéil de dhíth ar dhaoine a bhíonn noraivíreas orthu. Ach má bhí tú an-tinn sular tháinig an t-ionfhabhtú noraivíris ort, féadfaidh sé éirí an-dona. Ba cheart cóir leighis a lorg má bhíonn na siomptóim seo a leanas ort: • cur amach trom • fuil do d’fhaecas (cac) • pian sa bholg • díhiodráitiú.[1]
Tá noraivíreas ar cheann de na frídín boilg is coitianta in Éirinn. Níor taifeadadh an oiread cásanna den noraivíreas le linn 2020-22 mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. Ach bhí méadú suntasach tagtha ar líon na gcásanna noraivíreas le linn 2023.[4][6][5][7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.