Is teanga Atapascach í an Navachóis (Diné bizaad a thugann lucht a labhartha ar a dteanga féin) a labhraíonn na Navachóigh (Diné) in iardheisceart na Stát Aontaithe. Go geografach agus go teangeolaíoch, is ceann de na teangacha Atapascacha Deisceartacha - nó na teangacha Apáitseacha - í (tá formhór na dteangacha Atapascacha á labhairt in iarthuaisceart Cheanada agus in Alasca).
Diné bizaad agus Diné | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha, teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 169,369 (2011) |
Á labhairt | Náisiún na Navachóch |
Dúchasach do | Arizona, Colorado, Nua-Mheicsiceo agus Utah |
Stáit | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teanga bhundúchasach teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá teangacha Na-Dene teangacha Atapascacha-Eyak teangacha Atapascacha teangacha Atapascacha Deisceartacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Navajo Language Academy (en) |
Leibhéal leochaileachta | 2 leochaileach |
Cóid | |
ISO 639-1 | nv |
ISO 639-2 | nav |
ISO 639-3 | nav |
Glottolog | nava1243 |
Ethnologue | nav |
UNESCO | 784 |
IETF | nv |
Endangered languages | 6085 |
Tá an Navachóis an-chosúil leis na teangacha nó na canúintí a labhraíonn na hApáitsigh. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil ann ach ceann acu. Is iad an chanúint Iartharach (nó Apáitsis Coyotero), an chanúint Chiricahua (a bhí ó dhúchas ag Geronimo) agus an chanúint Mescalero na cineálacha Apáitsise is cóngaraí don Navachóis. Is iad seo canúintí Iartharacha na hApáitsise - nó teangacha Iartharacha an fhoghrúpa Apáitsigh san fhine Atapascach, más fearr leat.
Tá na Navachóigh an-chosúil leis na hApáitsigh ó thaobh an chultúir de, leis. Déanta na fírinne, is é traidisiún an Bhéarla an t-aon chúis amháin le hiad a scaradh ó na hApáitsigh féin.
Tá níos mó cainteoirí ag an Navachóis ná ag aon teanga dhúchasach Mheiriceánach eile taobh thuaidh de theorainn na Stát Aontaithe agus Mheicsiceo, agus í ag breis is céad míle duine mar theanga dhúchais. Tá líon na gcainteoirí, fiú, ag dul in airde.
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.