Nasctheanga
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is nasctheanga nó pidgin ann ná teanga nach bhfuil ó dhúchas ag aon duine, agus í á húsáid mar ghléas comhchumarsáide nó francbhéarla idir dreamanna eitneacha éagsúla. Bíonn na nasctheangacha bunaithe ar na teangacha móra domhanda, de ghnáth, ach amháin nach bhfuil ach freastal an ghéar-riachtanais fágtha d'fhoclóir agus de ghramadach na bunteanga sin.
Cineál | aicme teangóide |
---|---|
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga | |
Tréithe | |
Staidéar ag | sochtheangeolaíocht |
Teangacha is ea na nasctheangacha a thagann ar an bhfód go spontáineach, de thoradh na teagmhála idir teangacha éagsúla. Mar sin, ní nasctheanga í an teanga Esperanto, siúd is go bhfuil bunlitríocht an-saibhir aici, agus go bhfuil a córas gramadaí go hiomlán neamhspleách ar aon teanga náisiúnta. Tugtar teanga phleanáilte uirthi, bíodh is go bhfuil sí ag fás is ag forbairt san úsáid laethúil ar fud an domhain le breis is 120 bliain anuas.
Cé go mbíonn na nasctheangacha simplí, ní hionann sin is a rá nach mbeadh gramadach ar leith acu. Ní féidir leat, abair, an Béarla a shimpliú mar is mian leat agus nasctheanga a thabhairt air sin.