From Wikipedia, the free encyclopedia
Ab mhainistir Í Cholm Cille, i réim 679 – 704, ba ea Adhamhnán[1] (Sean-Ghaeilge Adomnán), naomhsheanchaí, státaire, dlí-eolaí canónta agus naomh. Údar na beathaisnéise is tábhachtaí ba ea é ar a chol ceathrar, Colm Cille, agus b'é a chuir Cáin Adhamhnáin, nó Lex Innocentium, chun cinn.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 624 Contae Dhún na nGall |
Bás | 704 79/80 bliana d'aois Í Chaluim Chille |
Ab Mainistir Oileán Í | |
679 – 704 ← Fáilbe mac Pípáin (en) – Conamail mac Faílbi (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saineolaí dlí, manach, scríbhneoir, file, beathaisnéisí, ministir |
Tréimhse ama | Glúin an 8ú aois |
Teangacha | An Laidin agus an Ghaeilge |
Ord crábhaidh | Beinidictigh |
Ardú | |
Lá féile | 23 Meán Fómhair |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Conall Gulbán (sinsear) |
Rugadh Adhamhnán i gContae Dhún na nGall, timpeall na bliana 624, nó roimh 629.
Rinneadh manach de i mainistir Í Cholm Cille.[2] Ceapadh ina ab ansiúd é sa bhliain 679, agus d'fhan sé ann go dtí lá a bháis i 704. Ba fhear fónta eagnaí é a bhí an-fhoghlamtha sa Scrioptúr Naofa. Bhí Adhamhnán ar feadh tamaill ina cheann ar na mainistreacha uilig a bhain le paruchia Cholm Cille. Lena chois sin, d’fhág sé ina dhiaidh scríbhinní tábhachtacha agus ina measc an saothar clúiteach Beatha Cholm Cille (Vita Columbae) – an cuntas iomlán is luaithe dá bhfuil fós againn ar shaol an naoimh[3].
Bhí Adhamhnán ina shaineolaí ar dhlí canónta (Cáin Adomnáin nó Lex Innocentium).
Fuair Adhamhnán bás in Í Cholm Cille.
Céad bliain tar éis bháis Cholm Cille i 597, ‘sea chuir Adhamhnán scéal Ollphéist Loch Nis ar pár ina ‘Vita Columb’ den chéad uair[4].
De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg[5]. Ach gach uair a tógadh na ballaí, thit siad. Ghuigh Adhamhnán faoin deacracht seo ach thit a chodladh air agus é i mbun urnaí. Mhúscail sé agus chonaic sé iolar ag eitilt ar shiúl lena leabhar urnaí. Lig an t-iolar don leabhar titim ar an suíomh seo agus, dá bhrí sin, ba anseo i nGleann an Iolair a thóg Adhamhnán a theampall.
I mbliain 1621 rinne Stephen White cóip in Dillingen de bheatha Cholm Cille le Naomh Adhamhnán. Bhí sin ar an lámhscríbhinn ba thábhachtaí le William Reeves agus é ag scríobh The life of St Columba, Founder of Hy[6].
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.