![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/84/The_Story_of_Deirdre_-_Illustration_3.jpg/640px-The_Story_of_Deirdre_-_Illustration_3.jpg&w=640&q=50)
Naoise
mac Uisnigh agus nia Chonchúr Rí sa Rúraíocht / From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, nia Chonchúir mhic Neasa rí na Uladh, agus leannán Dheirdre ba ea Naoise (Sean-Ghaeilge Naisi, Noíse nó Noisiu) mac Uisnigh. Tá sé luaite go háirithe sna scéalta Loingeas mhic Uisleann agus/ nó Oidheadh Chlainne Uisnigh.
![]() ![]() | |
Cineál | duine a d’fhéadfadh a bheith ficseanúil carachtar i miotaseolaíocht na nGael ![]() |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | Deirdre and Naisi (en) ![]() ![]() |
Dáta | |
Inscne | fireann ![]() |
Muintir | |
Lánúin | Deirdre ![]() |
Máthair | Ealbha ![]() |
Athair | Uisneach ![]() |
Daoine muinteartha | Conchúr mac Neasa ![]() |
Sa scéal úd, is leannán Naoise í Dheirdre, bean fhíorálainn a raibh dúil ag Conchúr inti. De bharr san, ba ghá do na leannáin, i dteannta le beirt deartháireacha Naoise, dul ar deoraíocht go hAlbain.
I ndeireadh na dála, chuir Conchúr ina luí orthu filleadh abhaile. Tharla roinnt míthapa as a chéile dóibh ar an slí, san áireamh geis curtha ar a gcosantóir Fearghas mac Róich, athair Dheirdre. Thugadar an chluas bhodhar do thuartha Dheirdre a tháinig faoin tairngreacht, agus i dteannta le feillbheart Chonchúir, d'iompaigh an scéal chun tubaiste.
Is é buaicphointe an scéil ná cath ag tigh na Craoibhe Deirge i nEamhain Mhacha. Básaíodh mic Uisnigh, ina measc Naoise agus a dheartháireacha Ainle agus Ardán, le buille amháin ó Mháine Lámhdhearg, mac rí na hIorua (nó le hÉogan mac Durthacht, ag brath ar fhoinse).
De bharr na n-eachtraí seo, bhí sé ina achrann dearg idir Ulaidh agus Connachta, cuireadh Conchúr agus a chlann as oidhreacht theideal Rí Uladh, agus scriosadh Eamhain Mhacha.