Na Cogaí Púnacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sraith de thrí fheachtas míleata ba ea na Cogaí Púnacha a troideadh idir Poblacht na Róimhe agus an Chartaig, ón bhliain 264 RC go dtí 146 RC. Ag an am, is dócha go raibh an méid cogaíochta inchomparáide leis na chogaidh domhanda a tharla sa chéad seo chaite. Tagann an téarma 'Púnach' ón bhfocal Laidine Punicus (nó Poenicus), rud a chiallaíonn "Cartagach", tagairt do 'shinsearacht Fhéiníceach' na gCartagach.
Cineál | sraith cogaí |
---|---|
Dáta | 264 "RCh" – 146 "RCh" |
Rannpháirtithe | An tSean-Róimh |
Forlámhas a dh'fháil ar an tSicil—an t-oileán a bhí idir an dá impireacht—b'shin é an t-údar is mó don chéad chogadh Púnach. Bhí coilíneachtaí dá gcuid féin ag na Cartagaigh san oileán, agus bhí na Rómhánaigh ag éirí buartha faoin mbagairt mhíleata a bhí iontu. Ag tús an Chéad Chogaidh, ba leis na Chartagaigh an chumhacht cheannasach is mó in iarthar na Meánmhara, le hImpireacht mhuirí fhorleathan acu, cé go raibh cumhacht na Róimhe ag bailiú nirt go tapa san Iodáil, bhí cumhacht a cabhlach lag agus easnamhach i gcomparáid leis na Chartagaigh.
Faoi dheireadh an tríú chogaidh, tar éis níos mó ná céad bliain agus cailleadh na céadta míle saighdiúirí ón dá thaobh, chloígh an Róimh Impireacht na gCartach go hiomlán agus scrios siad Cathair na Cartaige, agus d'éirigh leis an Róimh bheith ina stát uilechumhachtach amháin in Iarthar na Meánmhara.
Leis deireadh na cogaí Macadónacha—a bhí ar siúl i gcomhthráth leis na Cogaí Púnacha—agus treascairt an Rí Seiliúcach (nó Seleucid) Mór Antiochus III sa Chogadh Rómhánach-Siriach (Conradh Apamea, 188 RC) san mhuir thoir, tháinig an Róimh chun chinn mar an chumhacht cheannasach sa Mheánmhuir agus ceann de na cathracha is cumhachtaí de chuid na Ré Clasaicigh. Thug bua na Róimhe ar na Chartaigh sna cogaí seo stádas oirirc di a bheadh coinneáilte aici go dtí an 5ú haois AD.