From Wikipedia, the free encyclopedia
An chuid den cholainn atá i mbun na codanna éagsúla a rialú is a iomlánú, agus modhanna a chur ar fáil chun gur féidir leis an ainmhí freagairt don timpeallacht athraitheach is a thaobh istigh a choinneail socair ag an am céanna. Cuimsíonn sé na néaróin, agus cealla a thacaíonn leo. Déantar eolas a aistriú idir néarchealla ag sionapsaí trí fhuascailt ábhair tarchuradóra. Déanann sé cumarsáid le fíocháin eile na colainne trí fhuascailt dhíreach ábhair tarchuradóra ar an bhfíochán (de ghnáth i gcomhar le hábhar cabhraitheach éigin eile, cosúil le heinsím) nó trí fhuascailt hormón isteach in imshruthú na fola (go díreach ón néarchóras nó ó fhaireoga eincríneacha faoina stiúir). Maidir le gach gníomhaíocht den néarchóras, bíonn 3 chomhchuid: gníomh céadfach nó glactha, gníomh iomlánaithe, agus gníomh luadrach nó feidhmithe. Sna hardainmhithe, tá an chomhchuid iomlánaithe níos forbartha ná na codanna gníomhartha eile, agus comhdhéanann sí mórchuid an néarchórais. Sa bhfoirm is simplí, mar shampla sna céileantráití, ní bhíonn sa néarchóras ach líonra réscaipthe de chealla idircheangailte. De réir mar a éiríonn an t-ainmhí níos casta, éiríonn an líonra seo níos eagraithe ina chórda fada díreach, bailíonn na néaróga luadracha is na néaróga céadfacha, agus faoi dheireadh forbraíonn aonad mór iomlánaithe (an inchinn). I mamaigh roinntear an néarchóras ina chuid lárnach is a chuid fhorimeallach, an dá chuid ag feidhmiú le chéile mar aonad feidhmithe. Sa chuid lárnach atá an inchinn is corda an dromlaigh, agus gach fochuid eile sa chuid fhorimeallach. I measc neamhoird, galair is ionfhabhtuithe an néarchórais tá an néarailge, an phairilis, na galair prión, agus an teiteanas.[1]
Sonraí | |
---|---|
Laidin | systema nervosum |
Cuid de | córas néarshoithíoch |
Aitheantóirí | |
MeSH | D009420 |
TA | A14.0.00.000 |
FMA | 7157 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/nervous-system |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.