Mionsc
príomhchathair na Bealarúise / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Mionsc (Менск as Bealarúisis de réir cheartlitriú Branisłaŭ Taraškievič, Miensk an leagan Laidinithe den cheartlitriú seo; Мінск an leagan a úsáidtear i gceartlitriú na gCoimeasár Pobail, nó Narkomaŭka) príomhchathair na Bealarúise, agus an chathair is mó sa tír fosta. Tá Mionsc suite cois an dá abhainn úd Śvisłač agus Niamiha, i dtír-raon cnocach, agus í timpeallaithe ag coillte móra na Bealarúise. I Mionsc atá ceanncheathrú Chomhlathas na Stát Neamhspleách, a tháinig i gcomharbas ar an Aontas Sóivéadach. Ós í Mionsc an phríomhchathair, tá stádas ar leith aici ó thaobh an rialtais áitiúil de, agus í ina príomhchathair ar chúige (вобласьць/vobłaść) Mhionsc agus ar cheantar (раён/rajon) Mhionsc chomh maith. Sa bhliain 2008, bhí cónaí ar 1,830,000 duine i Mionsc.
Mionsc | |||||
---|---|---|---|---|---|
Мінск (be) Менск (be) | |||||
|
|||||
Aintiún | Aintiún Mhionsc (24 Deireadh Fómhair 2001) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Bhealarúis | ||||
Iamhchríoch laistigh de | Réigiún Mhionsc | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,992,862 (2024) | ||||
• Dlús | 4,866.57 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Bhealarúisis an Rúisis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 409.5 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Nyamiha River (en) , Svislach River (en) , Loshytsa, Sliepnia, Cna river (en) , Myška, Trascianka, Piarespa (en) agus Dražnia (en) | ||||
Airde | 280 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Minsk City Executive Committee (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Conseil municipal de Minsk (fr) | ||||
• Chairman of the Minsk City Executive Committee (en) | Uladzimir Kukharau (en) (2020–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 220001–220141 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 817 | ||||
Cód ISO 3166-2 | BY-HM | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | minsk.gov.by |
Rinneadh an chéad trácht ar Mhionsc thiar sa bhliain 1067, agus í ina baile beag taobh istigh de theorainneacha Phrionsacht Połack. Sa bhliain 1242, shealbhaigh Ard-Diúcacht na Liotuáine an áit, agus bronnadh cairt cathrach ar Mhionsc sa bhliain 1499. Rinneadh príomhchathair a vóvadachta féin de Mhionsc sa bhliain 1569. Is éard a bhí i gceist leis an vóvadacht seo ná réigiún riaracháin de chuid Chomhlathas na Polainne agus na Liotuáine. Nuair a chuaigh an Dara Críochdheighilt ar an bPolainn sa bhliain 1793, ba í Impireacht na Rúise a shealbhaigh Mionsc. Sna blianta 1919-1991, ba í Mionsc príomhchathair na Bealarúise Sóivéadaí.