údar agus scríbhneoir grinn Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Meiriceánach, óráidí poiblí, aorthóir, iriseoir, goineadóir agus fear mór nathadóireachta ab ea Samuel Langhorne Clemens, nó Mark Twain (30 Samhain1835 - 21 Aibreán1910). Ba iad na húrscéalta greannmhara The Adventures of Huckleberry Finn agus The Adventures of Tom Sawyer ba mhó a thabhaigh a chlú dó, ach le fírinne, ba scríbhneoir bisiúil agus iriseoir proifisiúnta é ar tháinig a lán eile as a pheann.