láithreoir raidió Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba láithreoir raidió Éireannach as Baile Átha Cliath í Marian Finucane (21 Bealtaine 1950 - 2 Eanáir 2020).[1] Bhí sí ar dhuine de mhórchraoltóirí na hÉireann.[2] Ceannródaí sa chraoltóireacht ó thaobh cúrsaí ban de ab ea Marian Finucane.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Bealtaine 1950 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 2 Eanáir 2020 69 bliana d'aois An Nás, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pearsa raidió |
Fostóir | Raidió Teilifís Éireann |
Teaghlach | |
Céile | John Clarke |
D’fhreastail Finucane ar scoil lán-Ghaeilge, Scoil Chaitríona ar Shráid Eccles san ardchathair, agus bhí neart Gaeilge aici dá réir.
Bhain sí cáilíocht amach mar ailtire agus le linn di a bheith ina mac léinn bhí sí gníomhach sa bhfeachtas a chuir stop le leagan na dtithe Seoirseacha i Sráid Hume in aice le Faiche Stiabhna.
Fuair Finucane a céad phost le RTÉ mar láithreoir leanúnachais i 1974.[3] Ina dhiaidh sin, thosaigh sí ag cur cláracha éagsúla i láthair a bhain le ceisteanna sóisialta an lae. Bhí sí ag obair ar feadh tamaill ar chláir a bhain le cúrsaí ban.[4] Ba í an chéad duine chun Women Today (sa bhliain 1979) a chur i láthair ar RTÉ Raidió 1.Tharraing a clár Women Today aird an phobail ar shaol na mban agus ar na dúshláin a bhí le sárú acu an t-am sin ina saol pearsanta agus oibre agus thug an clár sin ardán agus éisteacht dóibh.[2]
Ba í an chéad láithreoir ar an gclár raidió Liveline í (in 1985). Ar an teilifís, bhí na cláracha Consumer Choice agus Crime Line aici.
Ó 2005 go 2019, chuir sí The Marian Finucane Show i láthair ar RTÉ Raidió 1, seó mór-ráchairte a bhíodh ar siúl idir 11 a chlog agus am lóin gach Satharn agus Domhnach.[5]
Bronnadh Duais Jacobs ar Finucane as ucht a cuid oibre le Women Today.
Bhuaigh sí an Prix Italia do chlár faisnéise a rinne sí i 1979, Abortion: the Lonely Crisis, mar a ndeachaigh sí go Sasana in éineacht le bean óg a bhí ag dul anonn chun ginmhilleadh a fháil.[6][7]
In 1988, bronnadh sí an duais, The Radio Journalist of the Year uirthi.
In 2005, bhron Ollscoil na Gaillimhe céim onóracha uirthi.
Fuair Finucane bás tobann, ina “codladh”, ar 2 Eanáir 2020 agus in aois 69 bliain di. Trom ar an tobac, agus neamhrithimeacht chairdiach ag cur as di, bhuail niúmóine de shaghas éigin í is cosúil.[1] An t-amhránaí agus an Gael aitheanta Maighréad Ní Dhomhnaill a dúirt na hamhráin ag an Aifreann agus bhí an Ghaeilge sa treis sa rogha cheoil.[2]
Maireann a fear céile John Clarke agus a mac Jack, agus a leaschlann Jocelyn, Neil agus Timothy. Bhásaigh a hiníon Sinéad ón leoicéime i 1990 agus gan í ach ocht mbliana d’aois..
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.