![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/cb/Malcolm_X_NYWTS_2a.jpg/640px-Malcolm_X_NYWTS_2a.jpg&w=640&q=50)
Malcolm X
gníomhaí Meiriceánach ar son chearta an duine / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ministir Moslamach Meiriceánach-Afracach agus gníomhaí ar son chearta daonna ab ea Malcolm X nó El-Hajj Malik El-Shabazz (19 Bealtaine, 1925 – 21 Feabhra, 1965), a rugadh leis an ainm Malcolm Little. Bhí Malcolm X i lár an aonaigh sa ghluaiseacht ar son chearta daonna na nGormach ach bhí seisean go daingean diongbháilte den tuairim nár bhainfí cearta daonna amach riamh gan dul i muinin an láimh láidir. Cé go raibh meas mór tuillte ag bealach síochánta Martin Luther King, ní raibh meas madra ag Malcolm air.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/cb/Malcolm_X_NYWTS_2a.jpg/640px-Malcolm_X_NYWTS_2a.jpg)
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Malcolm Little 19 Bealtaine 1925 Omaha, Nebraska, Nebraska ![]() |
Bás | 21 Feabhra 1965 39 bliana d'aois Manhattan, New York ![]() |
Siocair bháis | Dúnmharú (Tráma balaistíoch) |
Áit adhlactha | Reilig Ferncliff ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Malachi Shabazz ![]() |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Black Nationalism (en) ![]() ![]() |
Reiligiún | Ioslam, Náisiún Ioslam agus an tIoslam Sunnaíoch |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí polaitiúil, dírbheathaisnéisí, ministir Moslamach ![]() |
Tréimhse oibre | 1954 – 1965 |
Teangacha | Béarla |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1954 | civil rights movement (en) ![]() ![]() |
Teaghlach | |
Céile | Betty Shabazz (1958–) ![]() |
Páiste | Malikah Shabazz, Gamilah Lumumba Shabazz, Attallah Shabazz, Qubilah Shabazz, Ilyasah Shabazz, Malaak Shabazz ![]() |
Athair | Earl Little agus Louise Little |
Siblín | Reginald Little agus Ella Little-Collins |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Dún
Saolaíodh Malcolm Little in Omaha, Nebraska. Ina dhéagóir dó, chaith sé na blianta i dteach altrama amháin nó eile, tar éis bhás a athar agus neamhshláinte a mháthar.