![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0d/Sicilian_mafia_1901_maxi_trial.jpg/640px-Sicilian_mafia_1901_maxi_trial.jpg&w=640&q=50)
Maifia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an rud atá i gceist leis an Maifia, nó, mar a thugtar air as Iodáilis freisin, La Cosa Nostra ("an gnó seo againn"), ná rúnchumann coiriúil a rinne a chéad fhorbairt in oileán na Sicile sa naoú haois déag, agus é fite fuaite le rialtas áitiúil an réigiúin inniu. De dheasca na himirce móire ón Iodáil go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, bunaíodh craobh eile den Mhaifia i gCósta Thoir na Stát Aontaithe, nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deireanais.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/90/Van_houtte_octopus.jpg/320px-Van_houtte_octopus.jpg)
Go hiondúil, tugtar mafia ar dhronga coiriúla de gach sórt i ngnáthchaint an lae inniu. Ní hionann an Maifia agus dornán de pheasghadaithe suaracha sráide, áfach. Deir an t-iriseoir Sualannach Maud Webster, agus í i ndiaidh an-taighde a dhéanamh ar an Maifia, gurb é an phríomhdhifríocht idir an Maifia agus gnáthchoiriúlacht ná an dóigh a mbíonn an Maifia ag teacht i dtír, mar chineál seadán nó paraisít, ar ghnáthshaol dlíthiúil na sochaí - ar orgáin an rialtais áitiúil, cuir i gcás, nó ar an saol gnó.
Ní féidir a rá gur brainsí den eagraíocht chéanna iad an dá Mhafia seo, áfach. I Meiriceá, tá an Maifia sásta coirpeoirí ó Napoli agus áiteanna eile san Iodáil a fháiltiú mar earcaigh. San Iodáil féin, áfach, tá an Maifia teoranta don tSicil i gcónaí. Tá rúnchumainn choiriúla den chineál chéanna ar fáil i réigiúin eile na tíre, ach ní hionann iad agus an Maifia mar eagraíochtaí.
Is dócha gur focal Araibise é ainm na heagraíochta féin. I gcanúint na Sicile, atá chomh difriúil leis an Iodáilis is gur féidir a rá gur teanga ar leith í, ciallaíonn mafia bród agus áilleacht. Is é an dóigh a mínítear an comhcheangal smaointe seo ná gur duine é an mafioso - an coirpeoir atá ina bhall den eagraíocht - a bhfuil iompar bródúil le haithint air, agus an dúrud á shíleadh aige de féin.
Thosaigh údaráis na hIodáile ag trácht ar an Maifia mar eagraíocht ar leith sna 1860idí. Tá míchlú an Mhaifia sna Stáit Aontaithe ag baint le tréimhse i bhfad níos deireanaí. Dealraíonn sé gur shroich cumhacht an Mhaifia i gcúrsaí na Stát Aontaithe a buaicphointe sna caogaidí. Ina dhiaidh sin, áfach, chúngaigh fiosruithe an FBI ar an eagraíocht, go háirithe sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Mar sin féin, maireann an focal féin i mbéal an phobail sna Stáit Aontaithe, agus tábhacht nach beag leis an Maifia i saol coiriúil Mheiriceá i gcónaí, go háirithe i Chicago agus i gCathair Nua-Eabhrac.