Móiminteam
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa bhfisic, iolrú an luais is na maise is ea an móiminteam.[1] Úsáidtear an tsiombail p chuige. Is é an dara dlí gluaiseachta de chuid Newton gurb ionann an fórsa agus ráta athraithe an mhóimintim in aghaidh an ama. Is prionsabal bunúsach sa bhfisic é, má tá córas ann nach bhfuil aon fhórsa i bhfeidhm air, go n-imchoimeádtar an móiminteam ann. Is cianníocht veicteoireach é.[2]