Lugdunum
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba chathair thábhachtach Rómhánach i nGall na Fraince é Lugdunum nó Colonia Copia Claudia Augusta Lugdunum (Dún Lugh i nGaeilge nó an chathair nua-aimseartha Lyon). Bhunaigh Lucius Munatius Plancus í sa bhliain 43 RC. Ba phríomhchathair na cúige rómhánaí Gallia Lugdunensis (a chiallaíonn "Gall Dhún Lugh"). Bhí an chathair ríthábhachtach in iarthar na hImpireachta Rómhánaí ar feadh 300 bliain i ndiaidh a bunaithe. Rugadh an dá impire Cláidias agus Caracalla i nDún Lugh. Bhí an bhunchathair Rómhánach lonnaithe ó thiar na Róine agus na Sóine, ar arda an tSean-Fhóraim (Forum Vetus sa Laidin, Fourvière i bhFraincis). Faoi am chéadta dheiridh na hImpireachta, bhí an chuid is mó den daonra lonnaithe i nGleann na Sóine agus ag bun Fourvière.
Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Suíomh ...
Lugdunum | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Lugus | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Tréimhse stairiúil | Impireacht na Róimhe | ||||
Praetorian prefecture (en) | praetorian prefecture of Gaul (en) | ||||
Diocese of the Roman Empire (en) | Diocese of Gaul (en) | ||||
Cúige Rómhánach | Gallia Lugdunensis | ||||
Príomhchathair de | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 43 "RCh" | ||||
Á leanúint ag | Lyon |
Dún