![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/ae/Fethard_Lifeboat_Disaster_%25286779234932%2529.jpg/640px-Fethard_Lifeboat_Disaster_%25286779234932%2529.jpg&w=640&q=50)
Longbhriseadh an Mexico agus Tubaiste Bhád Tarrthála Fhiodh Ard
From Wikipedia, the free encyclopedia
Briseadh scúnar Ioruach, an Mexico, ar charraigeacha Oileán na gCaorach Beag amach ó chósta theas Chontae Loch Garman le linn stoirme ar an 20 Feabhra 1914. Chuir bád tarrthála Fhiodh Ard chun farraige chun fóirithint ar chriú na loinge ach briseadh an bád tarrthála freisin agus bádh naonúr d’fhoireann an bháid sin.
Fíricí Gasta Cineál, Dáta na bliana ...
Cineál | longbhriseadh ship grounding (en) ![]() ![]() |
---|---|
Dáta na bliana | 4 Samhain 1913 ![]() |
Suíomh | Banú, Éire ![]() |
Tír | Éire ![]() |
Pointe imeachta | Isla del Carmen, Meicsiceo (en) ![]() ![]() |
Líon básanna | 9 ![]() |
Dún
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/ae/Fethard_Lifeboat_Disaster_%286779234932%29.jpg/640px-Fethard_Lifeboat_Disaster_%286779234932%29.jpg)
D’éirigh leis an gcúigear eile den fhoireann an t-oileán beag sceirdiúil a shroicheadh slán agus bhí siad i dteannta ansin, in éineacht le criú an Mexico, ar feadh trí lá, in ainneoin roinnt iarrachtaí iad a tharrtháil. D’éirigh le lucht bhád tarrthála Loch Garman na fir a thabhairt slán ón oileán beag i ndeireadh báire, le gníomh gaile a bhfuil iomrá fós air.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/96/Old_lifeboathouse_at_Fethard_-_geograph.org.uk_-_202420.jpg/320px-Old_lifeboathouse_at_Fethard_-_geograph.org.uk_-_202420.jpg)