From Wikipedia, the free encyclopedia
Loch fionnuisce Albanach is ea Loch Dabhach a' Phùir[1], atá suite sna Garbhchríocha, thart ar seacht gciliméadar siar ó dheas ó Inbhir Nis. Tá sé in aice le Loch Nis, thart ar 500 méadar soir ó thuaidh sa Ghleann Mór.
Cineál | Loch | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | an Chanáil Chaladónach | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland | |||
| ||||
Craobh-abhainn | ||||
Eisilteach | Abhainn Nis | |||
Tréithe | ||||
Toisí | 0.35 () × 1.6 () km | |||
Tá an loch thart ar 1.6 km ar fhad agus thart ar 350 méadar ar leithead ag an bpointe is leithne. Cothaíonn Abhainn Nis an loch ón iardheisceart agus a an abhainn amach as an loch san oirthuaisceart.
Tá Loch Dabhach a' Phùir mar chuid den Chanáil Chaladónach. Nuair a tógadh an Chanáil Chaladónach, d'ardaigh dromchla an locha thart ar 3 mhéadar, agus tá sé thart ar 16 mhéadar os cionn na farraige anois.[2] Tá sé thart ar 50 troigh ar doimhneacht, ag a phointe is doimhne.[3]
Téann an bóthar A82 thar chladach thuaidh an locha, rud a chiallaíonn go bhfuil sé éasca teacht air. Tá Taigh Dabhach a' Phùir, foirgneamh ón 18ú haois, suite ar bhruach an locha.[4] Tá na gairdíní tarraingteach do thurasóirí.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.