![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/38/Turdus_viscivorus_Brych_y_coed.jpg/640px-Turdus_viscivorus_Brych_y_coed.jpg&w=640&q=50)
Liatráisc
speiceas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éan é an liatráisc[1] nó an smólach mór (Turdus viscivorus), an-chosúil leis an smólach ceoil ach níos mó, níos lú spotaí dubha ar a bhrollach, agus a dhroim liathdhonn. Imill mhílítheacha ar na cleití. Dúchasach don Eoraip, an tSibéir, is an India (agus tuaisceart na hAfraice sa gheimhreadh). Áitríonn sé talamh oscailte, agus uaireanta cruinníonn in ealtaí. Itheann sé caora caorthainn is cuilinn: díleánn an laíon ach eisfheartar an síol slán. Bíonn a nead i ngabhal crainn aige, agus cosnaíonn sé go cróga glórmhar í.[2]
Fíricí Gasta Turdus viscivorus, Taifead ...
Turdus viscivorus ![]() | |
---|---|
![]() Turdus viscivorus viscivorus ![]() | |
Taifead | |
Sonraí | |
Réise sciathán | 0.44 m ![]() |
Meánlíon in ál | 3.9 ![]() |
Tréimhse ghoir | 15 laethanta ![]() |
Stádas caomhnaithe | |
![]() | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22708829 ![]() |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Turdidae |
Géineas | Turdus |
Speiceas | Turdus viscivorus ![]() Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Dún