From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Síneach agus ceannaire sinsearach de chuid Pháirtí Cumannach na Síne (PCS) é Li Qiang (pinyin: Lǐ Qiáng ) (rugadh 23 Iúil 1959).Tá sé ag feidhmiú mar Phríomh- Aire ar Dhaon-Phoblacht na Síne agus mar bhall tánaisteach de Choiste Seasta Pholitburo Pháirtí Cumannach na Síne ó 2023. Ó 2017 go 2022, bhí sé ina rúnaí páirtí i Shang-hai .
(2024) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (zh) 李强 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 23 Iúil 1959 65 bliana d'aois Rui'an, Daon-Phoblacht na Síne |
Premier of the People's Republic of China (en) | |
11 Márta 2023 – ← Li Keqiang | |
Ball de Bhuanchoiste an Pholitburo de Pháirtí Cumannach na Síne | |
23 Deireadh Fómhair 2022 – | |
Rúnaí Choiste Páirtí Cumannach na Síne Shanghai | |
29 Deireadh Fómhair 2017 – 28 Deireadh Fómhair 2022 ← Han Zheng – Chen Jining → | |
Ball de Pholitburo Pháirtí Cumannach na Síne | |
25 Deireadh Fómhair 2017 – | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Central Party School of the Chinese Communist Party (en) Zhejiang Agricultural University (en) Hong Kong Polytechnic University (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach na Síne |
Ball de | |
Teangacha | An tSínis |
Tar éis dó dul isteach sa PCS i 1983, rinneadh rúnaí den chéad uair é ar Léig Óige Chumannach de Rui'an, Zhejiang. Níos déanaí ar seirbhís i roinn gnóthaí sibhialta an chúige, bhí sé ina rúnaí páirtí de Yong Kang, Wenzhou, Rúnaí Gnóthaí Dlíthiúla Polaitiúla Zhejiang agus níos déanaí ina leas-rúnaí páirtí an chúige. Ceapadh é ina ghobharnóir ar Zhejiang i 2012, ina dhiaidh sin ina rúnaí páirtí chúige Jiangsu, agus ar deireadh á aistriú chuig post rúnaí páirtí i Shang-hai sa bhliain 2017, an bhliain chéanna fuair sé ardú céime go dtí post ballraíochta den Politburo PCS.
Le linn a thréimhse i Shang-hai, d'oscail sé an Margadh STAR de chuid an Stocmhalartáin Shang-hai (上海證券交易所科創板) , rinne sé maoirseacht ar infheistíocht eachtrach sa chathair lena n-áirítear Gigeamhonarcha- Shang-hai de chuid Tesla, Inc., mhaolaigh sé na ceanglais maidir le himircigh inmheánacha chun ceadanna cónaithe a fháil, agus chruthaigh sé cúig bhaile nua chun an easpa soláthair a laghdú. Rinne sé maoirseacht freisin ar dhianghlasáil dhá mhí i Shang-hai in 2022 mar fhreagra ar an ráig, a rinne dochar mór don gheilleagar áitiúil agus a bhí cáinte. Mar sin féin, fuair sé ardú céime chuig Buanchoiste an Pholitburo níos déanaí in 2022 agus rinneadh príomhfheidhmeannach de in 2023.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.