From Wikipedia, the free encyclopedia
Lámhscríbhinn Ghaelach na meánaoise is ea Leabhar Leasa Mhóir. Thug Dennis O'Flynn, staraí as Corcaigh, an t-ainm úd dó, tar éis dá tabhairt di sa bhliain.[1] Sa bhliain 1855, chuir Eugene O'Curry an milleán ar O'Flynn óir gur scar sé an leabhar as a chéile agus dhíol sé iad astu féin le bailitheoirí.[2]
Cineál | lámhscríbhinn |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Bunábhar | veilleam |
Tréith | |
Príomhábhar | history of ancient Israel and Judah (en) , beathaisnéis, scéilín, filíocht, Séarlas Mór, Lombards (en) , Marco Polo, Diarmaid mac Cearbhaill, Cellachán Caisil, Tromdhámh Ghuaire, Agallamh Bheag agus Agallamh na Seanórach |
Is lámhscríbhinn phárpháipéir é Leabhar Leasa Mhóir,[3] le tomhas 37cm x 25.5cm. Leabhar Mhic Chárthaigh Riabhaigh an t-ainm ar dtús a bhí air.
Coimisiúnaíodh leabhar ag Finghín Mac Cárthaigh Riabhaigh agus a bhean chéile Lady Catherine, iníon Thomas FitzGerald, 7ú Iarla Dheasumhan, agus dá bharr a ainm eile. Tiomsaíodh an lámhscríbhinn sa luath 15ú haois (1408-11), bunaithe ar Leabhar Mainistir Bhuithe atá caillte, chomh maith le lámhscríbhinní eile. Scríobhadh tuairim is nócha fán gcéad den saothar ag scríobhaí anaithnid amháin. Scríobh Aonghas Ó Callanáin (fl. 15ú haois), de chlann áitiúil leighis, tuairim is dhá fhóilió déag. Cuireadh lámha anaithnide eile roinnt míreanna gearra isteach. Luath-NuaGhaeilge is ea teanga an tsaothair.
Faightear beathaí na naomh sa saothar, go háirithe Naomh Bríd, Naomh Pádraig, agus Naomh Colm Cille. Tá ann freisin Agallamh na Seanórach, scéal oll-tábhachtach na Fiannaíochta as Meán-Ghaeilge a théann siar go dtí an 12ú haois. Tá ann chomh maith Leabhar Ser Marco Polo, aistriúchán Gaeilge den leabhar le Marco Polo, Il Milione.
Cailleadh roinnt leathanach as an leabhar go gairid tar éis dó a aimsiú, i bhfolach taobh thiar de bhalla i gCaisleán Leasa Mhóir sa bhliain 1814, ach creidtear go gcaomhnaítear iad in altanna léannta scríofa sa 19ú haois.
Tá leagan digiteach de Leabhar Leasa Mhóir le fáil, le cur síos le Pádraig Ó Macháin, ar ISOS.
Téacsanna naomhsheanchais
Prós
Aistriúcháin ón Laidin
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.