Lance Armstrong
rothaí Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is rothaí Meiriceánach é Lance Armstrong a rugadh sa bhliain 1971. D'admhaigh sé sa bhliain 2013 gur ghlac sé manglam drugaí le Tour de France a bhuachan 7 n-uaire as a chéile i measc rásaí eile a bhuachan. Is in dhá agallamh ar an gclár teilifíse Meiriceáanch Oprah Winfrey a rinne sé an admháil seo go raibh drugaí glactha aige leis na rásaí a bhuachan. Dúirt sé gur 2005 an bhliain dheireanach gur bhain sé úsáid as na drugaí seo a bhí i gcoinne rialacha an spóirt. Cuireadh cosc saoil air ag éirí as tuairisc USADA (United States Anti-Doping Agency). Tá Lance féin den tuairim go bhfuil sé seo ródhain ar fad air agus ceapann sé nach mbeidh sé in ann rith i maratóin, nó rás 10km áitiúil. Dar le roinnt d'adhmhaigh sé ag an bpointe sin toisc go raibh reacht na dtréimhsí istigh don chaimiléireacht chomh fada le 2005. Baineadh na buanna sa Tour de France uaidh, thréig a chuir urraithe é agus baineadh an bonn créumha a bhuaigh sé sna cluichí Oilimpeacha i mbliain an 2000. Iarradh air seasamh siar ón mbord don charthanacht ailse Livestrong sa bhliain 2012. Bhí sé go naimhdeach i gcoinne na ndaoine a dúirt go raibh smál na ndrugaí air David Walsh agus Paul Kimmage ach go háirithe.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |