From Wikipedia, the free encyclopedia
Tharla Lámhaigh Lewiston[1] in Maine sna Stáit Aontaithe ar 25 Deireadh Fómhair 2023 agus dúnmharaíodh 18 nduine, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó maraíodh 21 duine i Lámhach Robb Elementary sa bhliain 2022.
| ||||
Cineál | spree shooting (en) dúnmharú líonmhar | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Oll-lámhaigh sna Stáit Aontaithe | |||
Dáta na bliana | 25 Deireadh Fómhair 2023 (18:56, 19:08. An tAmchrios Oirthearach) | |||
Suíomh | Just In Time Recreation, 24 Mollison Way, Lewiston, Maine | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Líon básanna | 18 | |||
Líon gortaithe | 13 | |||
Arm | raidhfil leath-uathoibríoch | |||
Tharla na hionsaithe i dteach ósta agus i bpinniúr babhlála.
Ba bheag nár gabhadh an fear gunna agus ar éigean Dé a thug sé na cosa leis ón mbás. Thosaigh tóraíocht mhór in Maine. Bhí faitíos an domhain ar dhaoine i Lewiston go raibh tuilleadh urchóide beartaithe ag an teifeach.[3]
Ceithre lá níos déanaí, fuarthas corp Robert R Card, 40 bliain d'aois agus sáirsint in Arm Cúltaca na Stát Aontaithe.[4] Chuir sé lámh ina bhás féin.[5] Traenálaí gunnadóireachta ba ea é. Bhagair sé go ndéanfadh sé ionsaí gunna ar bhunáit de chuid an National Guard i rith an tsamhraidh. Chaith sé coicís in ospidéal meabhairghalair dá bharr.
Rialachán éadrom ar ghunnaí é an cháil atá ar stát Maine: ní theastaíonn ceadúnas ansiúd le gunna a cheannach ná a iompar, agus níl aon cheann de na dlíthe foláirimh i bhfeidhm ann, dlithe a thugann cead do na húdaráis arm a bhaint de dhuine má mheastar iad bheith contúirteach.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.