From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comóradh é Lá Fhéile Muire na gCoinneal ar an Toirbheart sa Teampall, An Taispeáint nó Nochtadh Chríost do na gintlithe, agus ar Íonghlanadh Mhuire, nó Ionghlanadh na Maighdine Beannaithe Muire (Malachi 3,1-4. / Lúcás 2,22-32).[1][2][3] Tugtar "Candlemas" ar an fhéile i mBéarla, Chandeleur sa Fhrainc, Candelaria sa Spáinn srl.
Cineál | lá saoire lá féile Críostaí saoire phoiblí |
---|---|
Comóireann sé | Toirbhirt an Linbh Íosa sa Teampall |
Cuid de | Mórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí |
Lá | 2 Feabhra 15 Feabhra (Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise) |
Oidhreacht chultúrtha | |
National Inventory of Intangible Cultural Heritage in France (en) | |
Ceiliúrtar an fhéile ar 2 Feabhra gach bliain san Eaglais Chaitliceach.
Ghlac an Eaglais i dtús a ré leis an Fhéile Rómhánach agus rinne an Pápa Gelasius I Féile Mhuire na gCoinneal di in 494 AD; ceiliúrtar ar an dara lá den mhí í, daichead lá i ndiaidh Fhéile na Nollag.[4]
D’fhás an leanbh, é lán d’eagna (Lúcás 2:22-40). Cuireann an sliocht seo síos ar íonghlanadh Mhuire agus ofráil an linbh Íosa sa Teampall.
Leagann Lúcás béim ar cé chomh tugtha is sa bhí Muire agus Iósaef ar Dhlí an Tiarna, Dlí Maois, a chomhlíonadh. Luann sé faoi dhó é, ag dul chun an Teampaill dóibh agus ag deireadh ag filleadh dóibh “nuair a bhí gach ní curtha i gcrích de réir dhlí an Tiarna”. Maidir le breith linbh agus breith chéadghin fireannigh, bhí rialacha i ndlí Maois. Maidir le híonghlanadh, is í an mháthair amháin atá i gceist agus is uan a bheadh le hofráil aici, agus dá mba raibh sí ró-bhoch le uan a ofráil, ansin péire colm nó dhá ghearrcach colúr. Bheadh an t-íonghlanadh le déanamh dachad lá tar éis bhreith an linbh. Maidir le ofrail chéadghin fhirinnigh, bheadh an leanbh sin le hofráil don Tiarna agus le “fuascailt”, ach ní luaitear aon am beacht chuige sin. D’fhéadfaí sin a cheangal leis an íonghlanadh, ar ndóigh, go háirithe ag daoine a raibh orthu turas fada a thabhairt orthu féin teacht go hIarúsailéim agus an Teampall. Labhraíonn Lúcás i slí ghinearálta anseo sa réamhrá seo do thoirbirt an linbh sa Teampall. Labhraíonn sé faoi thuismitheoirí Íosa, bíodh go bhfuil ráite aige cheana gur maighdean Muire, nach raibh aithne fir aici. Tá Iarúsailéim agus an Teampall lárnach dá bhfuil le rá ag Lúcás, agus tá an Teampall anois le fianaise a thabhairt d’Íosa.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.