Kalevala
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Kalevala eipic náisiúnta na Fionlainne, a chuir Elias Lönnrot i dtoll le chéile sa naoú haois déag.
Fíricí Gasta Cineál, Cárta innéacs ...
Cineál | saothar liteartha agus eipic náisiúnta |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Elias Lönnrot |
Teanga | an Chairéilis agus an Fhionlainnis |
Foilseachán | Impireacht na Rúise, 1835 |
Dáta a bunaíodh | 1828 |
Foilsithe i | Kanteletar |
Tréith | |
Seánra | laoithe agus mórdhán |
Carachtair | Väinämöinen (en) Ilmarinen (en) Joukahainen Aino Kalervo (en) Kullervo (en) Lemminkäinen (en) Louhi (en) Kyllikki (en) Marjatta (en) |
Dún
Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain 1835, agus tháinig an leagan deifinideach i gcló sa bhliain 1849. Don dara leagan seo - Uusi Kalevala nó Kalevala nua - is gnách tagairt mar "Kalevala". Áirítear Kalevala ar ceann de na saothair is tábhachtaí i stair litríochta na Fionlainne, agus é ina spreagadh mór do mhúscailt an náisiúnachais san Fhionlainn sa naoú haois déag. Chuir sé cor i gcinniúint na Fionlainnise chomh maith, nó bhí an teanga ann bunaithe ar na canúintí Oirthearacha, agus an teanga liteartha a bhí á cleachtadh san am sin, bhí sí ag tarraingt ar thobar an Iarthair amháin.