![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/7c/John_Cardinal_McCloskey_-_Brady-Handy.jpg/640px-John_Cardinal_McCloskey_-_Brady-Handy.jpg&w=640&q=50)
John McCloskey
cairdinéal Caitliceach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Prealáid Mheiriceánach de chuid na hEagalise Caitlicí Rómhánaí ab ea John McCloskey (10 Márta 1810 – 10 Deireadh Fómhair 1885). Rugadh i mBrooklyn, Nua-Eabhrac, é do thuismitheoirí arbh as Contae Dhoire in Éirinn iad. I ndiaidh timpiste ina raibh sé i bhfastó faoi lasta crann nua-ghearrtha ar feadh roinnt uaireanta a chloig, shocraigh sé ar dhul leis na sagairt.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Márta 1810 Brooklyn, New York ![]() |
Bás | 10 Deireadh Fómhair 1885 75 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York ![]() |
Cairdinéal | |
15 Márta 1875 – | |
5 Ardeaspagan Eaglais Chathrach Nua-Eabhrac | |
6 Bealtaine 1864 – ← John Joseph Hughes (en) ![]() | |
1 Easpag deoise | |
21 Bealtaine 1847 – – John Joseph Conroy (en) ![]() Deoise: Deoise Chaitliceach Albany | |
Easpag teidealach | |
21 Samhain 1843 – Deoise: Axieri titular see (en) ![]() | |
1 Uachtarán Ollscoil Fordham | |
1841 – 1843 ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Mount St. Mary's University (en) ![]() Ollscoil Phontaifiúil Ghréagóra ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1844–), sagart Caitliceach (1834–) ![]() |
Fostóir | Ollscoil Fordham ![]() |
Coisreacan | John Joseph Hughes (en) ![]() ![]() |
![]() ![]() |
Ceapadh ina easpag Caitliceach é ar Albany, Nua-Eabhrac sa bhliain 1847, agus d'fhan sé sa phost sin gur ceapadh é ina ardeaspag ar Dheoise Chathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1864. D'fhan sé sa phost sin go dtí a bhás sa bhliain 1885. Sa bhliain 1875, rinneadh cairdinéal de, an chéad chairdinéal sna Stáit Aontaithe. Faoina stiúradh, tháinig fás mór ar na scoileanna Caitliceacha i Nua-Eabhrac agus ar fud na tíre. Bhí deartháir leis ina ardeaspag ar Louisville, Kentucky.