![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/79/Johan_Ludwig_Runeberg_bw.jpg/640px-Johan_Ludwig_Runeberg_bw.jpg&w=640&q=50)
Johan Ludvig Runeberg
file Fionlannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Siúd is gur chum Johan Ludvig Runeberg (5 Feabhra nó 7 Feabhra 1804 a rugadh é; 6 Bealtaine 1877 a fuair sé bás) a chuid saothar as Sualainnis, dearctar air inniu mar fhile náisiúnta na Fionlainne.
Rugadh i Jakobstad (Pietarsaari) san Ostrabóitne é, agus bhí a athair, Lorenz Ulrik Runeberg, ina chaptaen mara. Ba í a mháthair, Anna Maria née Malm, an t-aon tuismitheoir a raibh aithne ag "Janne" beag air go dtí go raibh sé trí bliana d'aois, nó d'fhan an t-athair chomh fada sin ag taisteal na bhfarraigí.
Ba é Johan Ludvig an páiste ba shine sa teaghlach. Saolaíodh triúr deirfiúr: Ulrika Carolina, Maria Mathilda agus Emilie i ndiaidh Johan Ludvig, chomh maith le beirt bhuachaill eile, Viktor agus Nestor, a chuaigh le mairnéalacht nuair a tháinig siad i mbun a méide.