![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/47/Javier_P%25C3%25A9rez_de_Cu%25C3%25A9llar_%25281982%2529.jpg/640px-Javier_P%25C3%25A9rez_de_Cu%25C3%25A9llar_%25281982%2529.jpg&w=640&q=50)
Javier Pérez de Cuéllar
5ú Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe (1920-2020) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Taidhleoir Peiriúch ab ea Javier Pérez de Cuéllar Guerra a rugadh i Líoma ar an 19 Eanáir 1920 - 4 Márta 2020. Tháinig sé i gcomharbacht ar Kurt Waldheim i mí Eanáir na bliana 1982 chun a bheith ina Ard-Rúnaí ar na Náisiún Aontaithe, an cúigiú ceann, oifig a choimeád sé go dtí an 31 Nollaig 1991.
Tar éis dó a bheith éirithe as na Náisiúin Aontaithe, bhí sé san iomaíocht in aghaidh Alberto Fujimori agus é ag déanamh iarracht neamh-rathúil oifig an Uachtaráin i bPeiriú a bhaint amach sa bhliain 1995. Nuair a cuireadh Fujimori as an bpost sin sa bhliain 2000, ceapadh Pérez de Cuellar mar uachtarán agus mar Aire Gnóthaí Eachtracha ó Shamhain na bliana sin go dtí mí Iúil, 2001. Ambasadóir Pheiriú chuig an Fhrainc é ina dhiaidh sin go dtí 2004. Bhí Pérez de Cuéllar ina bhall de Chlub Mhaidrid, grúpa de 100 iaruachtarán agus iar-phríomh-mhinistéir ó thíortha difriúla a bhfuil sé mar chuspóir acu an daonlathas a neartú agus a chur chun cinn.