staraí Eilvéiseach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba staraí Eilvéiseach é Carl Jacob Christoph Burckhardt, a rugadh ar an 25 mí an Mhárta 1818 i mBasel san Eilvéis. Tá cáil idirnáisiúnta aige mar staraí ealaíne agus cultúrtha.
Bhí Burckhardt ar dhuine de scoláirí móra agus ba thábhachtaí sa naoú haois déag i stair chultúrtha agus stair na n-ealaíon, go háirithe ó ré na hAthbheochana idir na Meánaoiseanna agus an Ré Nua-aoiseach san Iodáil. Bhí sé ina ollamh ar ollscoileanna éagsúla ar feadh a shaoil sa Ghearmáin agus san Eilvéis, m.sh. ar Ollscoil Basel. Tá go leor leabhar scríofa aige freisin, ina measc an dá leabhar seo atá an-cháiliúl: Die Kultur der Renaissance in Italien, foilsithe sa bhliain 1860 agus Die Geschichte der Renaissance in Italien, foilsithe sa bhliain 1867.
Chaith Jacob Burckhardt na blianta deireannacha a shaoil i mBasel agus fuair sé bás san áit chéanna ar an 8 Bealtaine 1897.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.