From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar 16 Márta 2022 i gcathair Mariupol san Úcráin, rinne an Rúis ionsaí ar amharclann ina raibh na céadta ar foscadh ann Is féidir suas le 300 - 600++ duine a bheith maraithe san ionsaí.[1]
| ||||
Cineál | coir chogaidh tuairgneáil aerionsaí | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Léigear Mariupol | |||
Dáta na bliana | 16 Márta 2022 | |||
Suíomh | Mariupol, An Úcráin | |||
Tír | an Úcráin | |||
Sprioc | Donetsk Academic Regional Drama Theatre (en) | |||
Líon básanna | circa 600 | |||
Líon gortaithe | luach anaithnid | |||
Bhí muintir na cathrach faoi dhianléigear ag Arm na Rúise ag an am, agus gorta agus galar ag bagairt orthu de cheal riar a gcáis.
Bhí 130 duine tarraingthe amach as an smionagar ina mbeatha ag lucht tarrthála, ach ní raibh tásc ná tuairisc ar bhunáite na ndaoine - mná agus leanaí - a bhí ar foscadh san amharclann.[2]
Dúirt Údaráis na hÚcráine go raibh an Rúis ar an eolas go raibh sibhialtaigh i bhfolach sa bhfoirgneamh ag an am nuair a ionsaíodh é, mná agus leanaí a bhformhór.[3]
Thug Amnesty International “coir chogaidh” ar an ionsaí.[4]
I mí na Bealtaine 2022, gabhadh Maria Ponomarenko, iriseoir Rúiseach, mar gheall ar thuairisc ar na mbuamáil a rinne an Rúis in Mariupol,[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.