From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar an 22 Márta 2024, tharla ionsaí sceimhlitheoireachta de chuid SI ar Halla Crocus, ceoláras nó halla ceolchoirme [1] in Krasnogorsk,[2] bruachbhaile de chuid Mhoscó sa Rúis.[3] B'amhlaidh a réab fir ghunna isteach san áit ag scaoileadh fúthu is tharstu. Ansin dódh ionad na ceolchoirme go talamh.
| ||||
Cineál | coordinated terrorist attack (en) oll-lámhach dúnmharú líonmhar dóiteán | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht sa Rúis agus sceimhlitheoireacht Ioslamach | |||
Dáta na bliana | 22 Márta 2024 (tráthnóna) | |||
Fad ama | 13 min | |||
Suíomh | Crocus City, An Rúis (en) Crocus City Hall, An Rúis , Krasnogorsk, An Rúis | |||
Tír | an Rúis | |||
Sprioc | Crocus City Hall agus sibhialtach | |||
Is cúis le | national day of mourning (en) (24 Márta 2024) | |||
Líon básanna | 144 | |||
Líon gortaithe | 360 | |||
Déantóir na coire | Islamic State – Khorasan Province (en) (eagraíocht sceimhlitheoireachta) Dalerjon Mirzoev (en) Saidakrami Rachabalizodu (en) Shamsidin Fariduni (en) Muhammadsobir Fayzov (en) an Stát Ioslámach (eagraíocht sceimhlitheoireachta) an Úcráin | |||
Arm | Molotov cocktail (en) Kalashnikov rifle (en) piostal scian | |||
Fágadh breis is 140 duine marbh, nó b'fhéidir i bhfad níos mó. Ní fhaca talamh na Rúise ionsaí chomh marfach leis seo le beagnach scór bliain (sa bhliain 2004, tharla Léigear scoile Beslan; maraíodh 385++). Bhí oibrithe tarrthála ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar chorpáin eile sa smionagar trí lá níos déanaí. Ag an am céanna, fágadh neart bláthanna le taobh an ionaid mar chuimhneachán.[4]
Grúpa a raibh baint acu le Stát Ioslamach a ghlac freagracht as an ionsaí, craobh na hAfganastáine de SI.[4][5][6] Ach ar an 25 Márta, bhí údaráis na Rúise fós in amhras faoi bhaint a bheith ag an Úcráin i dtaca leis an ionsaí.[7]
Níos túisce sa mhí, chuir Rialtas na Stát Aontaithe fainic ar oifig faisnéise na Rúise go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta á bheartú ag SI. Níor tharla an t-ionsaí, agus thosaigh Rialtas na Rúise ag magadh fúthu.[6]
B'fhearr leis an gCreimil amhras a chaitheamh i dtreo na hÚcráine. Bhí Rialtas na Rúise féin soiniciúil go maith, ag rá gur ag iarraidh teitheadh chun na hÚcráine a bhí na gunnadóirí sular gabhadh iad (ceathrar a bhí ann) i réigiún Bryansk, breis is 200 míle ó dheas de Mhoscó. Shéan an Úcráin aon bhaint a bheith aici leis an ionsaí.
Tugadh na gunnadóirí os comhair cúirte i Moscó ar an 24 Márta, saoránaigh de chuid na Táidsíceastáine iad uilig. Bhí an Chreimil fós ag diúltú aon rud a rá faoin bhfianaise gurbh é craobh na hAfganastáine de IS a bhí taobh thiar den ionsaí.[3] Bhí sé i gceist iad a choinneáil go gcuirfí ar a dtriail iad ar an 22 Bealtaine. Dúirt áisíneacht nuachta na Rúise, TASS, gur dócha go gcuirfear príosún saoil orthu.[4] Ach buaileadh go dona an ceathrar idir 22-24 Márta, agus bhí eagla ann go mbeadh siad i mbaol báis faoi choimeád.[8] Gabhadh triúr eile a bhí i bpáirt leo dar le TASS.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.